Seoladh Amhráin agus Dánta Raiftearaí 15.3.18

Seoladh Amhráin agus Dánta Raiftearaí

Tá muid ag súil go mór Amhráin agus Dánta Raiftearaí a chur os comhair an phobail go hoifigiúil anseo sa mbaile ag seoladh sa Spidéal ar an 15ú Márta. Leabhar tábhachtach é seo ó ré na hAthbheochana: i 1933 a foilsíodh den chéad uair é, leagan méadaithe aonteangach Gaeilge den saothar dátheangach a tháinig ó Dhúghlas De Híde i 1903. Tá ríméad orainn go mbeidh Easpag nua-insealbhaithe na Gaillimhe, Breandán Ó Ceallaigh linn leis an seoladh a dhéanamh. Agus ar ndóigh beidh eagarthóir an leagain nua, an scoláire aitheanta Nollaig Ó Muraíle ann ar an oíche lena shaothar a chur í láthair. Tá an-spéis ag an Easpag Ó Ceallaigh i saothar Raiftearaí, mar gur scríobh a athair, Seán Ó Ceallaigh an leabhar 'Filíocht na gCallanán, áit a bhfuil cur síos iontach ar an gcaidreamh achrannacha a bhí ag Raiftearaí le Marcas agus Peatsaí Ó Callanáin, beirt fhile as ceantar Chreachmhaoil.

Tá an t-ádh orainn freisin go mbeidh Caitlín Ní Chualáin, (buaiteoir Choirn Uí Riada ag Oireachtas 2016) linn le cúpla amhrán de chuid Raiftearaí a chasadh dúinn. Tá fáilte roimh chách chuig an ocáid speisialta seo sa gCruiscín Lán, An Spidéal, Co. na Gaillimhe ag 8in. 



 

image
image