Bí ag Spraoi liom!

  • Tairge: 100
€9.95 Ex Tax: €9.95
Tá Lúna ag iarraidh dul ag taisteal le Mamaí ina Meaisín Ama nua – ach tá Mamaí an-ghnóthach. An féidir le Lúna í a mheal...

Tá Lúna ag iarraidh dul ag taisteal le Mamaí ina Meaisín

Ama nua – ach tá Mamaí an-ghnóthach. An féidir le Lúna í a mhealladh le páirt a ghlacadh sa spraoi?

 

With gorgeous pictures by Tarsila Krüse, Sadhbh Devlin’s fun-filled  “Bí ag Spraoi Liom!” reminds us that we all need to make time for play.' PJ Lynch, Laureate na nÓg

 

Faoin Scríbhneoir:

Is scríbhneoir, colúnaí irisleabhair, láithreoir agus taighdeoir teilifíse í Sadhbh Devlin. Is i gCill Mhantáin atá sí ina cónaí.

Bhí sí mar láithreoir agus stiúrthóir ealaíne ar an tsraith teilifíse do pháistí An Fear Bréige a craoladh ar TG4,

sraith a dhírigh ar théamaí eiceolaíochta agus ceardaíochta. Faoi láthair is í an taighdeoir leis an gclár faisnéise

seachtainiúil do mhná  Róisín ar TG4. 

Scríobhann sí colún rialta, ceardaíochta san iris Easy Parenting Magazine aici freisin.

Chaith sí suim blianta ag obair leis an eagraíocht Comhluadar, a a thug tacaíocht do theaghlaigh

a bhí ag tógáil clainne le Gaeilge.

Foilseofar a céad phictiúrleabhar, Bí ag Spraoi Liom! i 2017.

 

 

Faoin Maisitheoir:

Seo an dara pictiúrleabhar le Tarsila Krüse atá foilsithe ag Futa Fata.

Tá a chuid obair le feicéail thart ar Baile Átha Cliath ar fad.

Bhí Ná Gabh ar scoil! ar Gearrliosta Leabhair Pháistí Éireann –Leabhar na Bliana 2016 &

Gearrliosta Gradam Réics Carló 2016 –Leabhar na Bliana 2016

Bliain na nAmhrán- Buaiteoir Gradam Speisialta na Móltóirí 2017- Leabhar Páistí Éireann

 

Bileog Oibre 

Léirmheas Gobblefunked.com: Bíonn idir cúraimí an lae agus am chun spraoi le do leanaí. Tá an tuiscint sin fite fuaite san scéal álainn seo, agus freisin tuiscint domhain do dhearcadh an pháiste ar an gceist. Tá freisin an-thuiscint ann do chumhacht na samhlaíochta. Leabhar atá anseo le léamh le do leanbh; agus cuireann léaráidí Tarsila Krüse go mór leis an scéal; ag leathnú amach abairtí simplí go samhlaíoch. Bláthaíonn samhlaíocht Luna (an pháiste) sna pictiúr seo, agus í ar iarraidh dul i ngleic leis an easpa ama ag a máthair di.

 

Dáta Foilsithe : Iúil 2017

Foilsitheoir Futa Fata

Údar Sadhbh Devlin

Maisitheoir Tarsila Krüse

Lth 32  , Clúdach Crua,

Formáid  265mm x 230mm

Pictiúr Lándaite

ISBN 978-1-910945-31-5

Aoisghrúpa 3-7

Write a review

Note: HTML is not translated!
    Bad           Good
image
image