Seoladh 'Bliain na nAmhran' 24.2.17

Bliain na nAmhrán  


Tá bís agus bród ar Futa Fata go bhfuil leagan úrnua den dlúthdhiosca Bliain na nAmhrán ar fáil i mbliana.  Don chéad uair tá leabhar lándaite cruthaithe le teacht leis an CD.  Tá amhráin úrnua i gceist don dlúthdhiosca, a bhfuil na ceithre sheasúr mar theáma ann.  Rinneadh taifeadh nua as an bpíosa ar an iomlán agus tá páistí óga ceantar Chois Fharraige i gCo. na Gaillimhe le cloisteáil ag casadh ar na n-amhrán i gcuideachta an chumadóra, Tadhg Mac Dhonnagáin chomh maith le Caitlín Ní Chualáin, buaiteoir Corn Uí Riada 2016.

Rinneadh coimisiúnú ar cheathrar de na maisitheoirí is cumasaí in Éirinn le picitúir a chrthú do na hamhráin eagsúla.  Is í Jennifer Farley a thugann léargas dúinn ar alaethanta an Gheimridh; dúisíonn Christina O’Donovan muid len maisiúcháin Earraigh, cuireann Brian Fitzgerald laethanta fada an tSamhraidh in iúl agus tá saibhreas an Fhómhar le feiceáil I maisiúcháin Tarsila Krüse.

Tá Bliain na nAmhrán le fáil go naisiúnta i siopaí maithe leabhar.   RRP €16.95

 

Faigheann obair foilseacháin Futa Fata tacaíocht ó COGG, Clár na Leabhar, Comhairle Ealaíne.

 Pic cóipcheart Seán Ó Mainnín

    

 

image
image