Bliain na nAmhrán-Gearrliosta 2017

 Tá Futa Fata ar bís go bhfuil  Bliain na nAmhrán ainmnithe ar ghearrliosta Leabhar na Bliana ag Leabhar Pháistí Éireann.  Tá na gradaim seo 27 bliain ar an bhfód anois agus tugann siad ardán naisiúnta agus idirnaisiúnta do údair agus maisitheoirí Éireannacha.

 

Tá amhráin úrnua i gceist don dlúthdhiosca, a bhfuil na ceithre sheasúr mar theáma ann.  Rinneadh taifeadh nua as an bpíosa ar an iomlán agus tá páistí óga ceantar Chois Fharraige i gCo. na Gaillimhe le cloisteáil ag casadh ar na n-amhrán i gcuideachta an chumadóra, Tadhg Mac Dhonnagáin chomh maith le Caitlín Ní Chualáin, buaiteoir Corn Uí Riada 2016.

Rinneadh coimisiúnú ar cheathrar de na maisitheoirí is cumasaí in Éirinn le picitúir a chruthú do na hamhráin eagsúla. Dúisíonn Christina O’Donovan muid len maisiúcháin Earraigh, cuireann Brian Fitzgerald laethanta fada an tSamhraidh in iúl, tá saibhreas an Fhómhar le feiceáil i maisiúcháin Tarsila Krüse agus is í Jennifer Farley a thugann léargas dúinn ar laethanta an Gheimridh;

Ba mhaith le Futa Fata comhghairdeas ó a chroí a dhéanamh leis na hainmnithe eile ar fad.  Sé gradam atá le buachan agus fógrófar na buaiteoirí ag ocáid speisialta in Amharclann Smock Alley, BÁC ar an 23ú Bealtaine 2017.

Tá Bliain na nAmhrán ar fáil go naisiúnta anois i siopaí maithe leabhair.  RRP €16.95

Gabhann Futa Fata buíochas le COGG, An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta a thacaigh le foilsiú an leabhair seo, le Clár na Leabhar, Foras na Gaeilge a thugann tacaíocht leanúnach dúinn agus leis an gComhairle Ealaíon a thacaíonn linn faoina scéim siúd, ‘Teideal ar Theideal’.

image
image