Nuachtlitir Mí Bealtaine 2017

Léirmheastóirí Óga, Leabhar Pháistí Éireann

Ní fada uainn anois an 23ú Bealtaine, an lá a bhfógrófar buaiteoirí Leabhar na Bliana ag Leabhar Pháistí Éireann ag ocáid in Amharclann Smock Alley, Baile Áth Cliath. Ceann de na seacht nduais a bhronntar ná “Gradam Rogha na bPáistí”. Tugtar cuireadh do scoileanna mórthimpeall na tíre a bheith páirteach sa mholtóireacht agus faoi láthair tá na scoileanna sin gníomhach ag léamh agus ag tabhairt a mbreithiúnais ar na deich n-ainmniúcháin. Mar chuid den léirmheastóireacht sin tá údair agus maisitheoirí an ghearrliosta ar chamchuairt bheag in éindí le foireann Leabhar Pháistí Éireann. Tá físeán speisialta á thaifeadadh a thaispeánfar lá na hocáide móire i mBaile Átha Cliath. Thug Tadhg s’againn féin cuairt ar Scoil an Droichid, Bóthar Ormeau, Béal Feirste le blaisín beo dá leabhar/dlthdhiosca Bliain na nAmhrán a thabhairt dóibh. Beidh sé féin agus duine de mhaisitheoirí Bliain na nAmhrán, Tarsila Krüse, i mbun ócáide in Amharclann Smock Alley ar an 22ú Bealtaine freisin. Táimid ar fad ag tnúth go mór leis an 23ú Bealtaine go gcloisfimid a mbeidh le rá ag na léitheoirí agus léirmheastóirí óga.  Agus ar ndóigh, chuirfeadh sé barr maise ar an scéal dá mbeadh gradam ag teacht abhaile linn. Feicfimid linn!

Ról Nua Spreagúil ag Máire Zepf

Tá muid fíorbhródúil as Máire Zepf, údar an phictiúrleabhair uainn ‘Ná Gabh ar Scoil!’. Dé hAoine seo caite, fógraíodh go bhfuil Máire ceaptha ina Comhalta Scríbhneoireachta do Pháistí ag Comhairle Ealaíon Thuiasceart Éireann agus Ionad Filíochta Shéamuis Heaney, Ollscoil na Ríona, Béal Feirste. Tréimhse dhá bhliain atá i gceist leis an gceapachán, an chéad cheann dá chineál, a fhéachann le hoidhreacht an fhile mhóir a bhuanú i measc an phobail ó thuaidh. Comhghairdeachas ó chroí leat, a Mháire!

Cáca don Rí

 

Bíonn fáilte is fiche roimh scríbhneoirí agus maisitheoirí nua i gconaí ach ní dhéantar dearmad orthu siúd atá ag obair linn le tamall ach an oiread.  Tá áthas an domhain orainn go bhfuil Cáca don Rí le hAilbhe Nic Giolla Bhríghde, maisithe ag Steve Simpson ar fáil anois i gclúdach bog. Chuaigh an baicéir, Rúbaí Rua i gcion ar léitheoirí óga ó ceann cheann na tíre nuair a foilsíodh ar dtús é i 2011. Tá ríméad orainn eagrán nua a chur ar fáil anois do na léitheoirí atá tagtha ar an saol ó shin i leith! B’fhéidir go spreagadh sé chun na cistine iad freisin! Tá fáil ar an leabhar go naisiúnta i siopaí maithe leabhar agus ar líne uainn féin, Futa Fata ar €7.95.

Comhghairdeas

Os ag caint ar sheanchairde muid, ba mhaith linn comhghairdeas ó chroí a ghabháil le Patricia Forde, bean a bhfuil riar mhaith leabhair foilsithe aici linn. Tá úrscéal Patricia “The Wordsmith” foilsithe ag Little Island Books, díolta le foilsitheoir Meiriceánach , Source Books, agus foilseofar thall an samhradh seo é faoin teideal nua “The List”. Táimid chomh brodúil asat, Patricia, agus táimid cinnte go rachaidh do charachtar álainn Letta i gcion ar léitheoirí Meiriceá mar a chuaigh anseo sa mbaile!

image
image