Nuachtlit Mí Bhealtaine 2016

Leabhar na Bliana, Leabhar Pháistí Éireann

Bhíomarar bís nuair a ainmníodh Ná Gabh arScoil! le Máire Zepf agus Tarsila Krüse ar ghearrliosta Leabhar na Blianaag Leabhar Pháistí Éireann.
Is é seo anchéad leabhar atá foilsithe ag Máire
leFuta Fata agus an chéad leabhar atá foilsithe riamh ag Tarsila!
Faoi láthair tá na mná breá gníomhach, agobair le Leabhar Pháistí Éireann agus iad ar chamchuairt ghairid, ag tabhairtcuairte ar scoileanna.
Tá siad ag baintardtaitnimh as agus táimid ar fad ag súil le lá bronnta na ngradam nuair a fhógrófarbuaiteoirí CBI na bliana seo.
Naoileabhair in iomlán atá in iomaíocht agus sé cinn de ghradaim atá lebronnadh.
Beidh an ocáid féin ar siúl inAmharclann Smock Alley, Barra an Teampaill, Baile Átha Cliath ar an 23úBealtaine.
Is féidir léargas  a thug Tarsila ar anobair a bhí i gceist an leabhair a mhaisiú a léamh ar an mblag,  Gobblefunked.

Raiftearaí ag Cúirt agus FéileI mram

Bhí an oíche in amarchlann an Taibhdhearc, Gaillimh aran Aoine 22ú Bealtaine nuair a thug Tadhg Mac Dhonnagáin, Caitlín Ní Chualáinagus Darach Mac Con Iomaire an stáitse orthu féin mar chuid d'fhéileidirnáisiúnta litríochta Cúirt, leis an seó stáitse Mise Raiftearaí, An Fíodóir Focal a chur faoi bhráid an phobail denchéad uair. Oíche cheiliúrtha ar shaothar an fhile Raiftearaí a bhí i gceist, écurtha i láthair le scéalta, ceol amhráin Raiftearaí agus go físiúil lemíreanna atmaisféarúla ón gclár faisnéise den teideal céanna a léirigh SóntaTeo do TG4 i 2011.

Ba é an clár sin, abhí curtha i láthair agus scríofa ag Tadhg, bunchloch an leabhair a foilsíodhan fómhar seo caite.
Tá lucht leanúnamór ag Raiftearaí agus tá bís ar Thadhg, ar Chaitlín agus ar Dharach go mbeidhan seó stáitse le feiceáil arís mar chuid d'Fhéile Imram 2016 i mBaile ÁthaCLiath sa bhFómhar.
Coinneoimid ar aneolas sibh.

Féile Liteartha IartharChorcaí, 23ú Iúil 2016

Bhí ríméad orainn nuair a fuaireamar cuireadh bheithpáirteach i bh Féile Liteartha Iarthar Chorcaí den chéad uair i mbliana.

Tá cúpla bliain caite ó thugamar cuairt ar ContaeChorcaí agus tá Tadhg ag súil go mór le taisteal chuig Beanntraí i míIúil.
Beidh neart craic agus spraoi anndo pháistí agus Tadhg ag cur Greg Heffley, nó an Wimpy Kid mar is fearr aithneair, faoi bhráid léitheoirí óga. 
D'fhoilsigh Futa Futa an t-eagrán Gaeilge denchéad leabhar sa tsraith faoin teideal Dialann Dúradáin, ar Lá Domhanda naLeabhar i mbliana agus tá Greg 
agus achuid Gaeilge ag dul i bhfeidhm go mór ar dhaoine.
Carachtar eile a bhfuil lucht leanúna mór aiciná an circín beag neirbhíseach atá sa tóir ar áit le nead a thógáil.
Is iomaí páiste ar fud na tíre a bhfuil eolasfaoin tráth acu ar Gugalaí Gug! goháirithe anois agus leagan dátheangach den leabhar ar fáil.
Bíodh muintir óg Beanntraí réidh le hamhráina chasadh, le damhsa a dhéanamh agus le cloisteáil faoi eachtraí Greg GaelachHeffley.
Gach eolas agus ticéid le fáil anseo. 

Meáin Shóisialta

Tá Futa Fata gníomhach ar na meáin shóisialta agus babhreá linn castáil libh ann.
Feicteardúinn go bhfuil go leor scoileanna ag tvúiteáil anois agus tugamid cuireadh daoibhteagmháil a dhéanamh linn ar Twitter faoin ainm @futafata .
Bíonn spéis i gconaí againn bhur dtuairimí agusmoltaí faoinár gcuid leabhar a chloisteáil agus ar ndóigh is breá linn bhurbpictiúr bunaithe ar charachtair na leabhar a fheiceáil.
Ná deanaigí dearmad freisin go bhfuil Áiseanna Scoile  le fáil saor in aisce ar www.futafata.ie le n-usáidsa seomra ranga.
Bíonn eolas againn gorialta ar Facebook agus Twitter faoin obair atá idir lámha againn, nahimeachtaí atá ag teacht aníos agus bíonn corrchomórtas agus corrleabhar áthabhairt saor in aisce againn ann freisin! 

©
Futa Fata 2016

image
image