An Billiúnaí Beag (Billionaire Boy) 20.2.17

  • Tairge: 9781910945254
  • Availability: In Stock
€9.95 Ex Tax: €9.95
  Comórtas BUAIGH 5 x €100 DE LEABHAIR DO LEABHARLANN DO SCOILE LE FUTA FATA Nuair a d’fhógair muid roimh Nollaig go raibh muid ag obair ar leagan Gaeilge de s...

 


Comórtas

BUAIGH 5 x €100 DE LEABHAIR DO LEABHARLANN DO SCOILE LE FUTA FATA

Nuair a d’fhógair muid roimh Nollaig go raibh muid ag obair ar leagan Gaeilge de scéal David Walliams, Billionaire Boy,

bhí iontas orainn faoin méid suime a cuireadh ann. Tá aistriúcháin go leor den chineál seo foilsithe le gairid i nGaeilge,

ina measc eagráin Futa Fata den Diary of a Wimpy Kid – ach is léir dúinn go bhfuil an-suim ag an bpobal iontu.

Agus muid ag obair ar an Wimpy Kid, bhí dúshlán ar leith ag baint le Gaeilge a chur ar an teideal.

Theastaigh cúnamh uainn agus thairg muid beart leabhar mar dhuais. Cuireadh an-suim sa chomórtas agus

bhí muide an-sásta leis an teideal a tháinig as: Dialann Dúradáin.

Ní raibh an dúshlán céanna ag baint le Billionaire Boy, ach bhí gné amháin den obair aistriúcháin a bhí deacair.

Is breá le David Walliams liostaí greannmhara a chur san áireamh ina chuid scéalta. Ní heisceacht ar bith é an ‘Billiúnaí Beag.’

I lár an scéil sin, tá trácht ar mhúinteoir a bhfuil ainm aisteach air. Déanann an t-údar liosta ainmneacha a mbeadh an scoil ar fad ag magadh faoi, dá mbeadh ceann ar bith acu ar mhúinteoir. Seo cúpla sampla ón liosta:

Bea O’ Problem

Neil Down

Doris Closed

Bhí sé dodhéanta na hainmneacha sin a aistriú, mar sin chum muid ár gcuid féin. Seo cuid acu sin:

Neil May Gomaith

Jay Suí-Bí

Tom Aodh Tuirseach

Bhí 49 ainm ar fad le cumadh agus tá muid sásta go maith lenár liosta. Ach seo an cheist: an bhfuil SIBHSE in ann cuid nua a chumadh, cuid níos fearr ná na cinn a chum muid féin?

Bí ag smaoineamh agus cuir chugainn do chuid ainmneacha amaideacha via Facebook, Twitter, rphost, post an tseilide,

post an cholúir – pé bealach is maith leat. Roghnóidh muid an ceann is ansa linn agus beidh duais ar fáil.

Sea mhuis, 5 x luach €100 de leabhair, ó chatalóg 2017 Futa Fata a bheidh mar dhuais, beartanna a bheidh le bronnadh ag na mbuaiteoirí ar leabharlann scoile dá rogha féin. 

Tá cead ag duine ar bith, idir trí bliana agus 133 bliana d’aois bheith páirteach.

Fiú más duine fásta agus más é Bláth Cliath nó Cian Fáth is ainm duit, beidh fáilte roimh do chuid moltaí a

fhad is a bhronnann tú na leabhair ar leabharlann scoile má bhuann tu an duais mhór.

Tá go dtí meánlae ar an 03 Márta 2017 agaibh.

Ian Tacharfad! Ar aghaidh libh. Tusa tú féin, Dane Deifir!!!

*Seolfar An Billiúnaí Beag i siopa Easons, Sráid Uí Chonaill, 07 Márta 2017 11am.

eolas@futafata.ie     @futafata     facebook.com/futafata 

 

 


 

Ar fáil anois!!

Cur síos

Ar chuimhnigh tú riamh cén sórt saoil a bhí agat dá mbeadh milliún euro agat? Nó billiún?

An chéad leabhar leis an údar clúiteach seo a bheith ar fáil sa Ghaeilge.

 

Údar

Since 2008 David Walliams has taken the children's literary world by storm.

His most recent book RATBURGER, immediately went to no.1 in the children's chart, while the PB of his previous title, GANGSTA GRANNY, currently dominates the UK charts and has sold over  100,000 PBs on top of 370,000+ HBs and 36,000 ebooks.

Today, David is the fastest growing Children's author in the UK. His books have been translated into 30+ languages

and sold over 2 million copies in the UK alone.  

 

Dáta Foilsiú: Feabhra 2017

Foilsitheoir Gaeilge: Futa Fata

Údar David Walliams

Aistrithe go Gaeilge: Máirín Ní Mhárta

Líon: 277lth, Portráid

Formáid: 222mm  x 141mm 

Pictiúrí: Dubh & Bhán PB

ISBN: 978-1-910945-25-4

Praghas : €9.95

Aoisghrúpa: 9-12

Tags: Billionaire Boy

image
image