Luán agus an Mórphianó

  • Tairge: 102
  • Availability: In Stock
€7.95 Ex Tax: €7.95
Is luch an-cheolmhar é Luán. Is breá leis bheith ina chónaí faoin gCeoláras,  áit is féidir leis éisteacht leis an gceolfhoireann...

Is luch an-cheolmhar é Luán. Is breá leis bheith ina chónaí faoin gCeoláras,

 áit is féidir leis éisteacht leis an gceolfhoireann ag cleachtadh gach lá.

Ba bhreá leis bheith ina measc, ag casadh ceoil do na daoine uaisle,

 ach níl cead ag luch teacht isteach sa halla go fiú.

Ach nuair a thagann ceoltóir cáiliúil chun mórphianó

 a chasadh leis an gceolfhoireann,

 cuirtear tús le heachtra a athróidh rudaí sa Cheoláras go deo!

 

Faoin Scríbhneoir:

Is as an Spidéal do Gemma Breathnach.

Scríbhneoir teilifíse í, a bhfuil scripteanna scríofa aici do shraitheanna drámaíochta

TG4, Seacht agus Ros na Rún ina measc. Seo a céad leabhar do pháistí.

 

Faoin Maisitheoir:

Is as Aix en Provence na Fraince do Delphine Bodet.

 Tá riar mhaith pictiúrleabhar maisithe aici agus tá a saothar foilsithe go forleathan

sa Fhrainc. Seo an chéad leabhar atá maisithe aici do Futa Fata.

 

This is a gentle and touching story, enhanced by Delphine Bodet ’s warm illustrations 

-The Irish Examiner

The perfect place to start when trying to instill a grá for languages, and specifically Irish, in your little one. 

-Gobblefunked Blog

 

Seo scéal do dhaoine óga a thaitneoidh go mór leo. Is luichín beag é Luán a chónaíonn faoin ardán i Halla Mór an Cheoil....

Ba bhreá leis a bheith in ann seinm in éineacht leo. An mbeidh sé riamh ina cheoltóir ceart i lár an stáitse?

Cuireann na léaráidí áille go mór leis an scéal agus iontu, feictear na heachtraí trí shúile na luiche. (Aois 3-6) [MNíL] Leabhar Phaistí Éireann- CBI 

 

Dáta Foilsithe: Márta 2017

  Údar: Gemma Breathnach

 Maisithreoir: Delphine Bodet

Lándaite, Clúdach Bog

Líon na lth: 32 lth

ISBN: 978-1-910945-28-5

image
image