An Mac Tíre Deireanach
Tá ríméad orainn go bhfuil an chéad leabhar Gaeilge tagtha ó pheann Patricia Forde ó fógraíodh í mar Laureate na nÓg 2023-26. Agus í ag fás aníos in aimsir Chromail, tá uafás ar Úna faoin gcaoi a bhfuil saighdiúirí na Breataine ag caitheamh le muintir agus le hainmhithe na háite.Tá ainmhí amháin go háirithe i mbaol! An féidir le hÚna An Mac Tíre Deireanach a shábháil? Ar fáil anois fud fadna tíre i siopaí maithe leabhar. RRP €8.9

An Mac Tíre Deireanach

Tháinig na réamhchóipeanna don dara leabhar sa tsraith iomráiteach Dog Man! Foilseofar Dog Man Scaoilte Amach ar an 9 Deireadh Fómhair, mar sin tá deis agaibh fós cóip a réamhordú. Is í Máirín Ní Mhárta arís a d’aistrigh an leabhar seo agus is cinnte nár chaill sí aon smid den ghreann. Beidh idir óg is aosta, cainteoirí líofa agus foghlaimeoirí araon sna trithí gáire ag eachtraí Dog Man agus a namhaid Páidí. Gabhann Futa Fata buíochas ó chroí le COGG, An Chomhairle Um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta, as ucht a gcuid dtacaíochta.

Gradam Réics Carló 2023
Bhí tráthnóna álainn againn i Músaem Litríochta na hÉireann Dé Céadaoin, 27 Meán Fómhair 2023, áit ar fógraíodh buaiteoirí Gradaim Foilsitheoireachta an Oireachtais. Tá ríméad orainn gur bronnadh Gradam Réics Carló ar ár bpictiúrleabhar aoibhinn Amuigh Faoin Spéir le Sadhbh Devlin agus Brian Fitzgerald. Déanann muid comhghairdeas le Leabhar Breac a bhain Gradam de Bhaldraithe do Cuairt San Nioclás agus le Cló Iar-Chonnacht agus Fionntán de Brún a bhain Gradam Uí Shuilleabháin do Béal na Péiste.

Tadhg Mac Dhonnagáin - Futa Fata, Deirdre Ní Thuathail - Cló Iar Chonnacht, Darach Ó Scolaí - Leabhar Breac.