Mise Raiftearaí An Fíodóir Focal

  • Tairge: 26
  • Availability: In Stock
€18.95 Ex Tax: €18.95
Leabhar na Bliana 2015 - Gradam Uí Shúilleabháin Seo scéal Antaine Uí Reachtabhra, mac fíodóra a chaill radharc na súl agus é ina...

Leabhar na Bliana 2015 - Gradam Uí Shúilleabháin

Seo scéal Antaine Uí Reachtabhra, mac fíodóra a chaill radharc na súl agus é ina
pháiste, fidléir a chaith a shaol ag fánaíocht thart ar chontae na Gaillimhe, file a labhair
amach, gan fuacht gan faitíos, ar son pobail a bhí brúite bascaithe.

 

Údar

Is as Achadh Mór in oirthear Chontae Mhaigh Eo do Thadhg Mac Dhonnagáin.
I measc na saothar atá tagtha uaidh tá an dlúthdhiosca amhrán Raifteirí san
Underground (Cló Iar Chonnacht, 1993), an dlúthdhiosca agus leabhar rannta
traidisiúnta do pháistí Gugalaí Gug! (Futa Fata, 2005) agus an dlúthdhiosca agus
leabhar véarsaíochta ón mbéaloideas do dhaoine fásta, Aniar : Voices and Verse from
the Edge of the World (Futa Fata, 2007). Is é a scríobh agus a chuir i láthair an scannán
faisnéise drámaíochta Mise Raiftearaí an Fíodóir Focal (Sónta do TG4, 2010), saothar
a spreag é le tabhairt faoin leabhar seo. Tá cónaí air sa Spidéal. 

 

Preas Ráiteas -Gaeilge

 

Ábhar Plé don Leabhar 

 

Léirmheas Shiún Ní Dhúinn RTE 

Léirmheas Smaointe Fánacha Aonghusa

Léirmheas tuairisc.ie Dónall Ó Braonáin:

 Sárshaothar é a thagann i dtír ar na foinsí eolais agus faisnéise faoin bhfile cáiliúil is mó a bhfuil meas agus cion air i dtraidisiún liteartha na Nua-Ghaeilge, i gConnachta go háirithe. Éiríonn le Tadhg Mac Dhonnagáin scéal Raiftearaí a inseacht ar bhealach dúchasach, údarásach. Cé go gcuireann an t-údar leis an litríochta scolártha feictear dom gurb í an éacht is mó atá déanta aige ná beatha agus saothar an fhile a chomhthéacsú ar shlí spéisiúil sholéite. Dá gcuirfí tuilleadh den traidisiún liteartha i láthair ar an gcaoi seo creidim nach mbeadh géarchéim litearthachta againn beag nó mór. Eiseamláir stíle agus gníomh creidimh sa litríocht atá an saothar seo.

 

Dáta Foilsithe :Meán Fómhair 2015

Údar:Tadhg Mac Dhonnagáin

Maisithe: Steve Cannon

Dubh & Bán, Clúdach Crua

Líon na lth: 288 lth

ISBN: 978-1-906907-90-7

Praghas: €18.95

Aoisghrúpa: Daoine Fásta

image
image