- Stoc: I stoc
- Meáchan: 0.30kg
- Toisí: 230.00cm x 0.00cm x 280.00cm
- ISBN: 9781910945810
Cur síos
GEARRLIOSTA LAI 2021 Catagóir 0-5
Gearrliosta KPMG Leabhair Pháistí hÉireann 2020
Tá grá mór ag Scúnc beag dá bhréagán bog, Smúirín. Is é Smúirín an compánach is ansa leis ar domhan.
An rud is deise faoi Smúirín ná an boladh atá uaidh. Ach lá amháin, cailleann Smúirín a bholadh.
An féidir le Mamaí an scéal a chur ina cheart?
An tÚdar:
Is scríbhneoir, craoltóir, aisteoir agus scéalaí í Muireann Ní Chíobháin. I measc na saothar atá tagtha uaithi,
tá na sraitheanna teilifíse don óige: ‘Dig In Diner’, ‘Mr Mender and The Chummyjiggers’,
‘The Adventures of Muc’ atá le feiceáil ar RTÉjr.
I measc na scéalta gearra atá scríofa aici do pháistí tá bailiúchán scéalta faoi ‘LUKE’ mar chuid den tsraith teilifíse cháiliúil
‘Tell Me A story’ agus ós cionn 100 scéal do na sraitheanna ‘Shhh It’s Quiet Time’, ‘Pic a Story’ agus
‘Storytime’ atá le feiceáil ar RTÉjr. Is é seo a céad leabhar.
An Maisitheoir
Maisitheoir Éireannach é Paddy Donnelly a bhfuil cónaí sa Bheilg air. Tá cúlra aige sa dearadh grafach agus
i gcruthú aipeanna iOS do pháistí, faoin mbranda Wee Taps. Seo é a chéad phictiúrleabhar le Futa Fata.
Dáta Foilsiú Meitheamh 2021
Údar Muireann Ní Chíobháin
Maisitheoir Paddy Donnelly
Lándaite Clúdach Bog, 230mm x 260mm
Líon na Lth 32pp
RRP €9.95
ISBN 978-1-910945-81-0
Aoisgrúpa: 3+