Trixie agus Tony - An Capall Rása Tuirseach

  • Tairge: 9781910945230
  • Availability: In Stock
€7.95 Ex Tax: €7.95
Ficsean do léitheoirí san aoisghrúpa 8–12 Ní fhaca Trixie ná Tony a leithéid de chás riamh – capall rása atá ag iarraidh a...

Ficsean do léitheoirí san aoisghrúpa 8–12

Ní fhaca Trixie ná Tony a leithéid de chás riamh – capall rása atá ag iarraidh an lá a chaitheamh ina codladh!

Luas Lasrach is ainm don chapall agus tá go leor rásanna buaite aici romhe seo. Ach an mbeidh sí

in ann páirt a ghlacadh sa rás is mó ar fad – An Corn Óir? Agus an mbeidh Trixie

in ann a fháil amach cén fáth go bhfuil a oiread tuirse uirthi?

Faoin Scríbhneoir:

Seo é an tríú leabhar sa tsraith seo ón scríbhneoir Gaillimheach,

Patricia Mac Eoin. Tógadh Patricia cois farraige, i gCinn Mhara, Co.

na Gaillimhe ach tá cónaí uirthi faoi láthair i gcathair mhór na Bruiséile,

sa Bheilg. Tá deirfiúr léi ina tréidlia i gcathair na Gaillimhe agus is minic

a thug Patricia cuairt ar a clinic. Ba ansin a fuair sí an ionspioráid

do na carachtair sa tsraith seo (cé nach bhfuil a deirfiúr pioc

cosúil le Tony, ar ndóigh!)

 

Faoin Maisitheoir:

Maisitheoir is ea Richard Watson a raibh peann luaidhe ina lámh aige i gcónaí

 agus é ina bhuachaill óg. Chaith sé an t-am go léir ag tarraingt pictiúr ar a

chóipleabhar ar scoil…pictiúir d’ainmhithe go háirithe. Agus sin atá sé fós ag déanamh…

ach ag maisiú leabhar galánta do pháistí atá sé anois!

 

Dáta Foilsiú Eanáir 2017

Údar Patricia Mac Eoin

Maisitheoir Richard Watson

Lándaite Clúdach Bog, 15mm x 21mm

Líon na Lth 40pp

RRP €7.95

ISBN-13 978-1-910945-23-0

Dáiliúchán Gill Books / IES / The Book Nest / Argosy 

Aoisgrúpa: 8-12

image
image