Aniar – Voices and Verse from the edge of the world

  • Tairge: 24
  • Availability: In Stock
€14.95 Ex Tax: €14.95
Leabhar lándaite, le clúdach crua agus dlúthdhiosca ardchaighdeán léiriúcháin. Véarsaíocht á haithris ag triúr aisteoir ...

Leabhar lándaite, le clúdach crua agus dlúthdhiosca ardchaighdeán léiriúcháin.

Véarsaíocht á haithris ag triúr aisteoir aitheanta aniar.

****

Ábhar ó thraidisiún béil na Gaeltachta atá sa leabhar maisiúil seo – dánta, orthaí tairngreachtaí seanfhocail,

agus rabhlóga.

Tugann Tadhg Mac Dhonnagáin cur síos ar chúlra na bpíosaí agus cuireann se leaganacha Béarla den

bhunábhar ar fáil.

 

Léiriú físiúil ar an véarsaíocht atá sna grianghrafanna le Ceara Conway, agus cloistear aisteoirí ó Chonamara ag

aithris na bpíosaí, le tionlacan ceoil ón gcumadóir John Ryan ar an dlúthdhiosca a ghabhann leis an leabhar.

 Is iad na hamhráin, b'fhéidir, is mó atá i mbéal an phobail ar na saolta seo, ach tá réimse leathan eile ábhar ann -

dánta, orthaí, tairngreachtaí, seanfhocail agus rabhlóga ina measc. Sa leabhar seo cuirtear an seanábhar sin i

láthair ar bhealach nua. Déantar léiriú físiúil ar an véarsaíocht sna grianghraif le Ceara Conway.

Cloistear aisteoirí as Conamara ag aithris na bpíosaí ar an

dlúthdhiosca a ghabhann leis an leabhar, le tionlacan nuachumtha ceoil agus rithime ón gcumadóir John Ryan.

Gearrliosta Leabhar na Bliana 2008

ISBN 978-0-955898-31-4

Tadhg Mac Dhonnagáin/John Ryan
Foilsithe: Futa Fata 2007 

€25.00  Anois €14.95

 

"Here is a book that manages to be simultaneously entertaining, informative and beautiful." The Irish Times

Tags: Aniar

image
image