Aniar CD - Voices and Verse from the Edge of the World

  • Tairge: 202
€14.95 Ex Tax: €14.95
Gearrliosta Leabhar na Bliana 2008   Cur síos Is fairsing an t-ábhar atá ar fáil i dtraidisiún béil na Gaeltachta. Is iad na hamhráin, b&...

Gearrliosta Leabhar na Bliana 2008

 

Cur síos

Is fairsing an t-ábhar atá ar fáil i dtraidisiún béil na Gaeltachta. Is iad na hamhráin, b’fhéidir is mó

atá i mbéal an phobail ar na saolta seo, ach tá réimse leathan véarsaíochta eile ann nach gcloistear

go minic. Rogha den ábhar sin atá curtha i láthair in Aniar: dánta a chuirfidh ag smaoineamh tú,

orthaí a leigheasfaidh tú, tairngreachtaí a chuirfidh síos ar an saol atá romhat. Tugann Tadhg

Mac Dhonnagáin cur síos dátheangach ar chúlra gach píosa, chomh maith le leagan Béarla den

bhunábhar. Cloistear aisteoirí Conamaracha ag aithrís na bpíosaí ar an dlúthdhiosca, le tionlacan

nuachumtha ceoil ón gcumadóir John Ryan. Déanann íomhánna Ceara Conway léiriú breise físiúil

ar an iomlán.

 

 

Údar

Is breá le Tadhg Mac Dhonnagáin bheith ag scríobh scéalta, ag cumadh amhrán, ag casadh ceoil agus ag obair le

daoine cruthaitheacha eile i saol na leabhar agus na teilifíse. Tá cheithre albam eile déanta aige do pháistí:

an cnuasach amhrán nua-cumtha Ceol na Mara agus an trí albam amhrán agus rannta traidisiúnta,

Bliain na nAmhrán, Gugalaí Gug! agus Peigín Leitir Móir. Tá cónaí air sa Spidéal.

 

 

Preas:

"Here is a book that manages to be simultaneously entertaining, informative and beautiful." The Irish Times

“A wonderful artistic achievement!” The Irish Times

 

 

Gearrliosta Leabhar na Bliana 2008

ISBN 978-1-910945-42-1

Tadhg Mac Dhonnagáin/John Ryan
Foilsithe Eagrán Nua: Futa Fata 2019 

Praghas €14.95

Write a review

Note: HTML is not translated!
    Bad           Good
image
image