Nuachtlitir Márta 2016

Seoladh Dialann Dúradáin

Bhían-lá againn Déardaoin seo caite ar Lá Domhanda na Leabhar nuair a sheol muidDialann Dúradáin i siopa Eason, Sráid Uí Chonaill, BÁC.
N
í amháin go raibh muidefíor-sásta eagránGaeilge ón tsraith mórdhíola seo a chur ar an saol, ach, inagallamh le Ian Dempsey ar TodayFM dúirt údar na sraithe, Jeff Kinney, go raibh áthas arleith air féin go raibh Diary of a Wimpy Kid™ le fáil i nGaeilge.

Thaitin smaoineamh an chomórtais, a 
d'fhógair Futa Fata ag túsna bliana ag lorg moltaí do theideal Gaeilge na sraithe, go mór leis.

Tháinigna céadta moltaí isteach don chomórtas céanna ó cheann ceann na tíre.
An ceann is mó a thaitin linn ó thaobh bríagus rithim dhe, ná Dialann Dúradáin.
Is í Aisling Ni Fhátharta a mhol agus bhuaighsí luach €500 de leabhair Futa Fata do leabharlann a scoile; Scoil Naisiúna Thíran Fhia i gCo. na Gaillimhe.
Is é Dialann Dúradáin an ceathrú leabhair atáaistrithe ag Máirín Ní Mhárta dúinn.
Inameasc, tá leabhar de chuid Andy Stanton aistrithe aici cheana: Cuileog: An Scéal faoi Chiarán Ó Mianáin,agus chuir sí Gaeilge chomh maith ar AnLámh in Uachtar, úrscéal Fraincise le Hervé Mestron.
Tá DialannDúradáin le fáil anois i siopaí maithe leabhar RRP €9.95.

Leabhar na Bliana, Leabhar Pháistí Éireann

Is ar éigin go rabhamar tagtha ar ais chugainn fhéintar éis na hócáide Déardaoin nuair a fuaireamar deá-scéala eile!
Tá NáGabh ar Scoil! le Máire Zepf agus Tarsila Krüse tar éis gearrliosta gradam 
Leabhar na Bliana a bhaint amach.
Fograíodh an gearrliosta ar an 8ú Márta ag ocáid de chuid LeabharPháistí Éireann i mBéal Feiriste. Ba mhaith linn comhghairdeas ó croí adhéanamh le Tarsila agus Máire.
Is é Ná Gabh ar Scoil! an chéad leabhar atáfoilsithe acu beirt linn agus an chéad leabhar atá maisithe ag Tarsila.
Ba mhaith linn comhghairdeas mór millteach aghabháil freisin lenár gcara Patricia Forde atá ainmnithe chomh maith dá húrscéalThe Wordsmith (Little Island).
AinmníodhPatricia ar ghearrliosta 2013 le Steve Simpson don phictiúrleabhar, Mise agus an Dragún.
Gúimíd gach rath orthu siúd ar fad a fuairainmniúchán.
Tá cúig gradam in iomlán lebronnadh agus fógrófar na buaiteoirí ag
ocáid sa Smock Alley Theatre, i mBaile Átha Cliath 23ú Bealtaine.

Foghlaí Mara na Tuirce

Anuas ar na deá-scéaltaeile ar fad, tá muid an-bhrodúil go bhfuil Lísín,Scoil na bPaistí Deasa scríofa ag Patricia Forde agus maisithe ag JoëlleDreidemy díreach foilsithe sa Turcais.
Is é seo an chéad leabhar sa tsraith faoin bhfoghlaí mara, Lísín, abhfuil uirthi saol na mara a fhágáil agus freastal ar Scoil na bPaistíDeasa.
Déanann páistí gálanta na scoileiontas do nósanna aisteacha Lísín.
Achmá dhéanann, fós féin, tá an foghlaí mara beag in ann rudaí nua a mhúineadh dona páistí…..agus do na múinteoirí!
Tríleabhar go dtí seo atá foilsithe sa tsraith; Scoil na bPaistí Deasa, Ní Banphrionsa Mé!, Seachain an Dineasár.
Tá an ceathrú ceann á chur in eagar faoiláthairagus foilseofrar níos deireanaí i mbliana é


© Futa Fata 2016

image
image