Ainmhithe ar ghearrliosta Leabhar na Bliana

Tá ríméad orainn a fhógairt gur ainmníodh Máire Zepf agus Tarsila Krüse ar gearrliosta Leabhar na Bliana don pictiúrleabhar
NÁ GABH AR SCOIL!  Fograíodh an gearrliosta inniu, 8ú Márta ag ocáid I mBéal Feiriste a d’eagraigh Leabhar Pháistí Éireann.



Scéilín barúil faoin ocáid mór millteach i saol an pháiste óg, sé sin an chéad lá ar scoil.  Cé go bhfui bís ar Cóilín tús a chur lena chuid scolaíochta níl Mama bocht chomh rímeadach céanna faoi.
Is as Ard Mhic Nasca, Co. an Dúin do Máire Zepf agus is é seo an chéad leabhar atá foilsithe aici le Futa Fata.  Bhain a chéad leabhar ariamh Tubaise ar an Titanic (Cló Mhaigh Eo) gearrliosta Gradam Réics Carló 2012 amach agus anuraidh bhain sí gradam liteartha an Oireachtais dá úrscéal nua Lá leis na Lochlannaigh (Cois Life).  Tá Máire pósta le triúr clainne agus tháinig an smaoineach do Ná Gabh ar Scoil! chuici nuair a thosaigh an duine is óige ar scoil.
Is as São Paulo na Braisile do Tarsila ach tá conaí uirthi le roinnt mhaith blianta anois i mBaile Áth Cliath, lena fear, Eric agus a mac, Otto.   Is é seo an chéad leabhar atá foilsithe aici.  Is í Tarsila a chur tús leis an Blind Elephant Collective agus tá sí mar bhaill do Maisitheoirí Éireann.  Tá a stíl aitheanta le feiceáil  i dtograí eagsúla idir cló agus arlíne.
Ba mhaith le Futa Fata comhghairdeas a dhéanamh leo beirt chomh maith le údair agus maisitheoirí na leabhair eile; Imaginary Fred le Eoin Colfer, Oliver Jeffers; Irelandopedia le John agus Fatti Burke; The Day the Crayons Came Home, maisithe ag Oliver Jeffers; Gulliver maisithe ag Lauren O’Neill; Asking for It le Louise O’Neill; The Boy at the Top of the Mountain le John Boyne; One le Sarah Crossan agus comhghairdeas mór speisialta go bean atá foilsithe go minic ag Futa Fata, Patricia Forde atá ainmnithe dá úrscéal The Wordsmith (Little Island).
Cúig gradam a bronntar go bliantúil agus fógrófar na buaiteoirí ag ocáid speisialta ar an 23ú Bealtaine in Amharclann Smock Alley. 

 See more at:   CBI NEWS  


An Gearrliosta:

Imaginary Fred written by Eoin Colfer, illustrated by Oliver Jeffers

The Day the Crayons Came Home illustrated by Oliver Jeffers

The Boy at the Top of the Mountain by John Boyne

Gulliver illustrated by Lauren O’Neill

Asking for It written by Louise O’Neill

Ná Gabh ar Scoil written by Máire Zepf, illustrated by Tarsila Krüse

Irelandopedia written by John Burke, illustrated by Fatti Burke

The Wordsmith by Patricia Forde

One by Sarah Crossan

image
image