Roghchlár
Your Cart

Trixie agus Tony - An Madra Mistéireach

Trixie agus Tony - An Madra Mistéireach
Trixie agus Tony - An Madra Mistéireach
Trixie agus Tony - An Madra Mistéireach
Trixie agus Tony - An Madra Mistéireach
Trixie agus Tony - An Madra Mistéireach
Trixie agus Tony - An Madra Mistéireach
Trixie agus Tony - An Madra Mistéireach
  • Stoc: I stoc
  • Meáchan: 0.01kg
  • Toisí: 146.00cm x 4.00cm x 210.00cm
  • ISBN: 978-1-906907-96-9
€7.95
Ex Tax: €7.95
10 or more €6.36

Cur síos

Gearrliosta Gradam Réics Carló Leabhar na Bliana 2016 

Ficsean do léitheoirí san aoisghrúpa 8–12

Scéal bríomhar eile faoi Trixie, an madra cliste agus a cara Tony, an tréidlia a dtugann sí aire. 

Bíonn Trixie an madra cliste ag obair go dian gach lá in éineacht

 lena mháistir,Tony an tréidlia scaipthe. Tugann Trixie an-chabhair dá mháistir –

murach an madra, bheadh cúrsaí trína chéile ag Tony agus é ag iarraidh

aire a thabhairt do na hainmhithe a thagann isteach an doras chuige!

 

Nuair a thagann Trixie agus Tony ar mhadra atá gortaithe, tá siad ag iarraidh cabhrú leis.

Faigheann Trixie amach gur le duine an-speisialta

an madra mistéireach, díreach sula dtarlaíonn rud éigin uafásach don chréatúr bocht!

 

 

Faoin Scríbhneoir:

Seo é an dara leabhar sa tsraith seo ón scríbhneoir Gaillimheach,

Patricia Mac Eoin. Tógadh Patricia cois farraige, i gCinn Mhara, Co.

na Gaillimhe ach tá cónaí uirthi faoi láthair i gcathair mhór na Bruiséile,

sa Bheilg. Tá deirfiúr léi ina tréidlia i gcathair na Gaillimhe agus is minic

a thug Patricia cuairt ar a clinic. Ba ansin a fuair sí an ionspioráid

do na carachtair sa tsraith seo (cé nach bhfuil a deirfiúr pioc

cosúil le Tony, ar ndóigh!)

 

Faoin Maisitheoir:

Maisitheoir is ea Richard Watson a raibh peann luaidhe ina lámh aige i gcónaí

 agus é ina bhuachaill óg. Chaith sé an t-am go léir ag tarraingt pictiúr ar a

chóipleabhar ar scoil…pictiúir d’ainmhithe go háirithe. Agus sin atá sé fós ag déanamh…

ach ag maisiú leabhar galánta do pháistí atá sé anois!

 

Cé go bhfuil saibhreas na teanga le brath tríd an leabhar, tá an plota simplí go leor agus le cabhair ó na pictiúir bheadh páistí

Gaelscoileanna Rang 3 agus 4 breá ábalta an leabhar a léámh iad féin. Bheadh an leabhar seo mar áis iontach do mhúinteoirí

bunscoile sna seomraí ranga agus sna leabharlainn scoile. Comh maith leis sin d’fhéadfadh tuismitheoirí an-taitneamh agus tairbhe

a bhaint as bheith ag léamh an scéal seo os ard do pháistí níos óige. Gobblefunked

Gobblefunked Leirmheas Iomlán

 

Ábhar Tacaíochta 

1 Cuardach Focal

2 Pictiúr Ceart 

3 Meaitseáil na Focail

4 Fíor nó Bréagach 

5 Peata ar  Iarraidh

6 Cad atá a rá acu

 

 

Dáta Foilsiú Meán Fómhair 2015

Údar Patricia Mac Eoin

Maisitheoir Richard Watson

Lándaite Clúdach Bog, 15mm x 21mm

Líon na Lth 40pp

RRP €7.95

ISBN-13 978-1-906907-96-9

Dáiliúchán Gill Books / IES / The Book Nest / Argosy /

Aoisgrúpa: 8-12

Léirmheasanna

Scríobh léirmheas

Nóta: Ní aistrítear HTML!
Dona Go maith
Captcha
Clib: Trixie