Aifric

  • Tairge: 4
  • Availability: In Stock
€9.95 Ex Tax: €9.95
Leabhar oifigiúil na sraithe teilifíse Aifric, an chéad chlár drámaíochta Gaeilge riamh le bheith díolta chuig stáisiúin teilifíse...

Leabhar oifigiúil na sraithe teilifíse Aifric, an chéad chlár drámaíochta Gaeilge riamh le bheith díolta chuig stáisiúin teilifíse ar fud an domhain.

An-oiriúnach mar ábhar cainte ag leibhéal ar bith den mheánscoil.
 

Seo leabhar oifigiúil na sraithe teilifíse Aifric — clár grinn TG4 atá tar éis an gradam IFTA don chlár is fearr do dhaoine óga a bhaint

dhá bhliain as a chéile, i 2007 agus 2008.

Sa leabhar lándaite seo, lán grianghraifeanna agus altanna grinn, tugtar cuireadh isteach duit ar chúl na gceamaraí,

le haithne a chur ar réaltaí an chláir, le comhairle grá a fháil ó Aifric is ó Mhaidhc, le fáil amach ó Jimín conas cur

isteach ar do chuid múinteoirí.

Agallaimh, cluichí, quiozanna, cócaireacht, fiú! – tá siad ar fad ar fáil sa leabhar iontach seo.

 

Sciob AIFRIC léi an gradam IFTA don 'Chlár is fearr do dhaoine óga' dhá bhliain as a chéile, 2007 & 2008

agus fuair sé aitheantas le gradam don 'Chlár is Fearr do dhaoine óga' ag Féile na Meán Ceilteach 2008 freisin.

Tá spéis léirithe sa tsraith ar an margadh idirnáisiúnta, í ceannaithe ag an gcainéal nua Gáidhlige, BBC Alba.

The book is an all-colour magazine-style mix and perfect for any
teen who watches the (TG4 TV teen comedy drama)
 series."
The Irish Times

"Tá Aifric lándaite agus é líon lán le heolas agus le grianghraif faoi charachtair na sraithe; tá cluichí, ceisteanna, agallaimh agus cur síos
ar léiriú na sraithe féin ann. D'fhóirfeadh sé gan cheist don neach mistéireach sin, an déagóir Gaelach. 

 The Irish Times

 

ISBN: 978 – 0-9550983-2-1

104 lth, lándaite, 196mm x 246mm,
clúdach bog,
Aoisghrúpa: 10 - 16

€14.95 €10.95

Clár Aifric

 

image
image