Mise agus an Dragún

  • Tairge: 49
  • Availability: In Stock
€9.95 Ex Tax: €9.95
Gearrliosta Leabhar na Bliana 2013: Gradam Reics Carlós / Childrens Books Ireland "Nuair a bheidh mise mór rachaidh mé ag seilg dragúin". Tá b&eac...

Gearrliosta Leabhar na Bliana 2013:

Gradam Reics Carlós / Childrens Books Ireland

"Nuair a bheidh mise mór rachaidh mé ag seilg dragúin".

Tá béirín beag ag smaoineamh faoin lá a mbeidh sé ina bhéar mór

misniúil, gan faitíos air roimh rud ar bith.

Ach faoi láthair, cuireann rudaí go leor faitíos air...

***

Scéal álainn faoi thuras fada isteach i dtír na samhlaíochta.

Beidh tú faoi dhraíocht ag na pictiúir agus titfidh tú i ngrá

leis an mbéirín!

 

Faoin Scríbhneoir:

Seo é an triú leabhar ag Patricia le Futa Fata.

Tá rath mór ar Patricia Forde mar údar do pháistí,

i mBéarla agus i nGaeilge.

Faoin Maisitheoir:

Duine de na healaíontóirí is aitheanta sa réimse seo é

Steve Simpson. Tá sé foilsithe thar lear ag Scholastic i Meiriceá,

Usborne i Sasana agus go leor eile.

***

Delightful illustrations frame this Irish Language story...

this book from the established Galway publisher is well worth investing in.

-The Sunday Business Post

 

Is scéal álainn é le léaráidí den scoth é, Mise agus an Dragún,

a thaitneoidh le páistí idir 5-7 bliana d'aois.

Léirmheas Inis Childrens Magazine 

 

Tá na léaráidí go hálainn agus bainfidh samhlaíocht an bhéirín

preab as an léitheoir.

The Irish Times

 

TG4 Scéal an Lae -Scéal Mise agus an Dragún

 

Bileog Oibre 1 Bileog Oibre 2

Údar Patrica Forde

Maisitheoir Steve Simpson

Lándaite Clúdach Crua , 265mm x 230mm

Líon na Lth 32

ISBN-13 978-1-906907-50-1

Aoisgrúpa 3-7

image
image