Do chéad fáilte chuig suíomh nua Futa Fata! Fóram a bheidh sa bhlag seo leis an bpobal a choinneáil ar an eolas faoi nuaíocht ar bith dá bhfuil againn - leabhair nó dlúthdhioscaí nua, imeachtaí, ceardlanna, coirmeacha ceoil agus eile.
Chomh maith leis sin, bainfidh muid úsáid ar an mblag le plé a dhéanamh ar ábhair a bhaineann le hobair Futa Fata - cúrsaí leabhar agus foilsitheoireachta, cúrsaí léitheoireachta, cúrsaí litearthachta agus oideachais, cúrsaí ceoil - cúrsaí ar bith a bhaineann le hábhar.
Tá súil againn go gcuirfidh tú suim ann agus go mbeidh sé úsáideach duit.