Aonach Idirnaisiúnta na Leabhar, Frankfurt
Bhí Futa Fata páirteach ar sheastán náisiúnta na hÉireann ag aonach Frankfurt arís i mbliana.
Is é Aonach Frankfurt an ceann is mó ar domhan, áit a dtagann foilsitheoirí, gníomhairí, scríbhneoirí agus maisitheoirí
le chéile le leabhair a chéile a fheiceáil agus le margaí a dhéanamh maidir le leabhair a bheith foilsithe i dtíortha a chéile.
Thosaigh Futa Fata ag triail cearta ár gcuid leabhar a dhíol ar an margadh idirnáisiúnta den chéad anuraidh.
Go dtí seo, tá saothar ár gcuid scríbhneoirí agus maisitheoirí foilsithe sa tSín, sa Chóiré agus in Albain agus tá dóchas againn go gcuirfear
leis an liosta sin sna míonna atá romhainn.
|