Gearrliosta Leabhar na Bliana 2011
Tá an gearrliosta do Ghradam Leabhar na Bliana, comórtais a thugann aitheantas d’ardchaighdeáin na leabhair Gaeilge a foilsíodh le bliain anuas, fógartha.
Ar an ngearrliosta do Ghradam Uí Shúilleabháin, leabhair do dhaoine fásta, tá leabhar le Cló Iar-Chonnachta, Sé an Saol an Máistir, arna chur in eagar ag Gearóid Denvir, ina bhfuil tuairisc ar shaothar iomlán filíochta Learaí Phádraig Learaí Uí Fhínneadha. File aitheanta ab ea Learaí as ceantar Chois Fharraige i gContae na Gaillimhe a fuair bás sa bhliain 1999. Ar an ngearrliosta chomh maith, tá Séadna, foilsithe ag Cois Life agus curtha in eagar ag Liam Mac Mathúna.
Is eagrán leasaithe den mhórshaothar clasaiceach a scríobh Peadar Ua Laoghaire atá sa saothar seo. Tá leabhar de chuid Coiscéim, Duinnín Bleachtaire ar an Sceilg le Biddy Jenkinson ar an ngearrliosta freisin. Tugann an saothar seo léargas nua samhlaíochta ar a thuilleadh eachtraí leis an mbleachtaire/sagart, an tAthair Pádraig Ó Duinnín. Tá Scéal Ghearóid Iarla le Máire Mhac an tSaoi a d’fhoilsigh Leabhar Breac ar an ngearrliosta chomh maith. Cuntas staire atá sa leabhar sin ar Ghearóid Mac Gearailt, an 3ú hIarla Deasmhumhan (1335-1398). Is é Dialann Dúlra le Tony Mc Nally, arna fhoilsiú ag Gaelink Design, an cúigiú leabhar ar ghearrliosta. Dialann bhliana atá sa leabhar seo ag cur síos ar dhúlra agus nádúir na hÉireann idir ainmhithe agus phlandaí.
Ar na leabhair atá ar an ngearrliosta do Leabhar na Bliana do Dhaoine Óga (Gradam Réics Carlo), tá: Cócó an Colgán Cairdiúil le hAilbhe Nic Giolla Bhrighde, maisithe ag Brian Fitzgerald agus foilsithe ag Futa Fata; Mac Rí Éireann le Caitríona Hastings, maisithe ag Andrew Whitson, foilsithe ag An tSnáthaid Mhór; Leabhar ó Chló Mhaigh Eo, Hiúdaí Beag a scríobh Eithne Ní Ghallchobhair agus a mhaisigh Olivia Golden; Maitríóisce le Siobhán Parkinson, foilsithe ag Cois Life agus tá an chéad leabhar Gaeilge riamh faoin bhficheall ar ghearrliosta Leabhar na nDaoine Óga chomh maith. Is í Úna O’ Boyle, curadh fichille, a scríobh, a d’fhoilsigh agus a mhaisigh an leabhar Ficheall. Fógrófar buaiteoirí Ghradam Uí Shúilleabháin & Ghradam Réics Carló sa Leabharlann Náisiúnta, Dé Máirt, 15 Samhain.
Galway Advertiser - Peadar Mac Fhlannchadha
20 Deireadh Fómhair 2011
|