Cáca don Rí
Is iontach an báicéir í Rubaí Rua. Tá luchóga ina cónaí sa teach báicéara agus is breá leo a bheith ag breathnú ar Rúbaí i mbun a cuid oibre.
Ach ní bhíonn cead acu riamh cabhrú léi. Nuair a ordaitéar Cáca don Rí dá bhreithlá, tá na luchóga agus Rúbaí ar bís.
Sé sin nó go dtarlaíonn timpiste uafásach…
Is é seo an dara leabhar le hAilbhe Nic Giolla Bhrighde atá foilsithe ag Futa Fata. D’éirigh thar barr lena céad leabhar Cócó an Colgán Cáirdiúil,
agus foilseofar an mhí seo é i nGaidhlig na hAlban. Cheana féin tá an-suim curtha sa leabhar nua seo Cáca don Rí agus foilseofar é i mí na Samhna sa Chóiré!
Seanchara eile de chuid Futa Fata, Steve Simpson, a mhaisigh an leabhar nua. Is é Stevean a mhaisigh Lúlú agus an Oíche Ghlórach,
leabhar eile ar éirigh thar barr leis in Éirinn. Foilseofar é sin sa tSín, an fómhar seo chomh maith. Tá stíl álainn Steve le aithint arís i Cáca don Rí.
Tá an leabhar álainn seo feiliúnach do paistí 3-6 bliana. Ní hamháin go mbeidh tuismitheoirí agus páistí ag iarraidh é a léamh arís is arís eile ach
seans maith go gcothóidh sé an chócáireacht i dtithe ar fud na tíre!
Leabhar lándaite é Cáca don Rua agus tá clúdach crua air. Tá sé le fáil anois sna siopaí ar €9.95 nó is féidir é a ordú ar an suíomh idirlín www.futafata.ie
Faigheann foilsiúcháin Futa Fata maoiniú ó Chlár na Leabhar, Foras na Gaeilge agus ón gComhairle Ealaíon.
Tuilleadh eolais do na meáin – gemma@futafata.ie
Teil: 091 505800 086-0703193
Dáta :Meán Fómhair 2011