FUTA FATA
Samhain 2011
Fáilte go dtí Nuachtlitir Futa Fata.
Tá eolas anseo do dhaoine fásta, ach ó tharla gur do pháistí agus do dhaoine óga is mó a bhíonn Futa Fata ag foilsiú, tá súil againn go gcuirfidh páistí suim san eolas atá ar fáil anseo chomh maith.
Gradam Réics Carló
Tá gearrliosta an ghradaim Réics Carló bainte amach ag Cócó an Colgán Cairdiúil. Ceiliúrann an gradam seo scothleabhair na bliana do dhaoine óga. Sí Ailbhe Nic Giolla Bhrighde a scríobh an leabhar álainn seo agus Brian Fitzgerald a mhaisigh. Tá ceithre leabhar eile san iomaíocht don duais agus fógrófar an buaiteoir ag ceiliúradh sa Leabharlann Naisiúnta i mBaile Átha Cliath 15ú Samhain 2011.
Aonach Idirnaisiúnta na Leabhar, Frankfurt
Bhí Futa Fata páirteach ar sheastán náisiúnta na hÉireann ag aonach Frankfurt arís i mbliana. Is é Aonach Frankfurt an ceann is mó ar domhan, áit a dtagann foilsitheoirí, gníomhairí, scríbhneoirí agus maisitheoirí le chéile le leabhair a chéile a fheiceáil agus le margaí a dhéanamh maidir le leabhair a bheith foilsithe i dtíortha a chéile. Thosaigh Futa Fata ag triail cearta ár gcuid leabhar a dhíol ar an margadh idirnáisiúnta den chéad anuraidh. Go dtí seo, tá saothar ár gcuid scríbhneoirí agus maisitheoirí foilsithe sa tSín, sa Chóiré agus in Albain agus tá dóchas againn go gcuirfear leis an liosta sin sna míonna atá romhainn.
Tá mé ag Fás
Tá an tsraith leabhar seo ag fás maraon leis na neacha beo a léirítear iontu! Tá ceithre theideal nua foilsithe i mbliana le cur leis na ceithre cinn a tháinig ar an saol anuraidh. Díríonn na leabhair seo ar shaolré na n-ainmhithe a fheiceann muid mórthimpeall orainn gach lá beo, Coileáin, Puisíní, Coiníní agus Ainmhithe Feirme. Tá na leabhair seo an-oiriúnach do pháiste ar bith a bhfuil suim sna hainmhithe aige nó aici…agus seans maith go bhfoghlaimeoidh Mamaí agus Daidí cúpla rud nua freisin! Le deis cóipeanna de na cheithre theidil nua seo a bhuachaint, seol ríomhpost chugainn le d’ainm agus seoladh faoin ábhár “Tá mé ag Fás” go dtí eolas@futafata.ie
Seoladh Cácá don Rí
Tá muid ag obair ar sheoladh don pictiúrleabhar nua “Cáca don Rí” scríofa ag Ailbhe Nic Giolla Bhríghde agus maisithe ag Steve Simpson. Bígí ag faire amach ar ár suíomh idirlín nua www.futafata.ie agus ar ár leathanach Facebook le tuilleadh eolais a fháil!
Spotsholas!
Ailbhe Nic Giolla Bhrighde – Scríbhneoir
Muna raibh tú i do scríbhneoir, cén tslí bheatha a bheadh agat? – Dearthóir éadaí - nó Ceannaítheoir Pearsanta :-)
Cén chomhairle a chuirfeá ar dhuine atá ag iarraidh dul i mbun scríbhneoireacht? Scríobh gach uile lá agus creid ionat fhéin. Ná lig do litreacha diúltaithe cur as dhuit. Tá go leor fáthanna nach nglactar le do chuid oibre agus is minic nach mbíonn baint ar bith aige le do thalann, nó easpa talainne.
Céard é an leabhar is mó a thaitnigh leat agus tú i do pháiste óg? “The Ulster Cycle” agus “The Night Before Christmas” (an leagan pop-up!!)
Ainmnigh rud amháin a tabharfaidh tú leat go dtí Oileán Fásaigh? M’fhear céile - nó scian de chuid Airm na hEilbhéise.
Cé hé nó hí do laoch? Comharsan liom a bhfuil Cystic Fibrosis ar a deagóir d’iníon.