Find us on FacebookFollow us on TwitterWatch us on YouTube
Eolas    Naisc     Cá bhfuilimid      Íoslódáil Catalóg     siopaí     Foreign Rights
Caith Súil Speisialta Táirgí nua Mo Chuntas Irish English

Cuir Glaoch Anois: 091 504 612

  baile » CDS_HEADING_TITLE » Eolas Fúinn
Eolas Fúinn

Futa Fata ar cheann de na tithe foilsitheoireachta is mó fáis in Éirinn. Is ar pháistí agus daoine óga atáimid dírithe go príomha. Cuirimid réimse leathan leabhar ar fáil do réimse leathan aoisghrúpaí, ó pháistí an-óg go déagóirí. Foilsímid roinnt teideal chomh maith atá dírithe ar dhaoine fásta. Tá ár gcuid leabhar á n-úsáid i scoileanna ar fud na hÉireann agus tá léitheoirí óga agus a dtuismitheoirí ag baint aoibhnis astu sa bhaile chomh maith céanna.

Ó tharla gur mar lipéad ceoil a bunaíodh Futa Fata an chéad lá riamh, tá suim ar leith againn sa cheol agus i rannta, idir ábhar traidisiúnta agus ábhar nuachumtha. Tá tóir an-mhór ar na cnuasaigh amhrán agus rannta atá foilsithe againn i bhfoirm dlúthdhiosca agus leabhar.

Foilsímid cuid mhaith teideal i gcomhar le páirtnéirí thar lear, mar chomheagráin idirnáisiúnta. Táimid ag obair faoi láthair i gcomhar le comhlachtaí sa Bheilg, sa Spáinn, i Montréal Cheanada, sna Stáit Aontaithe, agus sa Bhreatain.

Ag eascairt as an taithí sin, táimid ag tosú ar na leabhair atá á bhforbairt anseo in Éirinn againn a dhíol thar lear ar an gcaoi chéanna, féachaint le hardán domhanda a thabhairt do scríbhneoirí na Gaeilge agus do mhaisitheoirí leabhar na tíre seo.

Tuilleadh eolais: Scríobh chuig stiúrthóir Futa Fata, Tadhg Mac Dhonnagáin — tadhg@futafata.ie.

 

Mo Chairt (féach tuilleadh)
0 rud
 
Liosta Categóirí
 
Ag rith amach an doras!
01.
02.
03.
04.
05.
06.
07.
08.
09.
10.
 
Free Shipping on orders over 99 euro