Tar amach faoin aer le Cathal!
Sa leabhar seo cuirfidh páistí óga eolas ar áiteanna éagsúla taobh amuigh den teach –
an gairdín, an siopa, an pháirc spraoi agus an tsráid.
**
Ag caint, ag siúl, ag rith, ag forbairt mar dhuine – bíonn an t-uafás le foghlaim ag páistí óga.
Tacaíonn an tsraith nua leabhar Cathal ón bhfoilsitheoir Futa Fata le foghlaim agus forbairt páistí óga.
Aistrithe ón bhFraincís go Gaeilge ag Tadhg Mac Dhonnagáin, díríonn an tsraith Cheanadach seo ar na rudaí atá le foghlaim
ag páistí;
dathanna, Cén dath atá air seo? focail nua, Mo chéad leabhar focal – Amuigh Faoin Spéir,
gluaiseacht Bog Thart!
maraon leis na h-athruithe sóisialta atá in ann do pháistí agus daoine eile seachas Mamaí agus Daidí ag tabhairt
aire dóibh i rith an lae,Cathal sa Naíolann.
Sa scéal Is liomsa é! faigheann páiste óg tuiscint ar bhreagáin a roinnt lena gcairde nua.
Sa scéal greannmhar Cáca do Mhamaí léiritéar an fonn mór a bhíonn ar ghasúir bheaga a bheith neamhspléach agus
rudaí a dhéanamh gan chúnamh.
Is cinnte go gcuirfidh an tsraith álainn, ildaite seo le foghlaim agus le tuiscint naoínáin na tíre.
ISBN: 978-1-906907-26-6
Foilsithe:Meán Fómhair 2010
Aoisghrúpa: 2-6
Seit Iomlán Cathal ar fháil €45
 |