Is frog speisialta é Frainc. Níl sé sásta a bheith ag snámh. Ag iarraidh eitilt atá sé!
Deir Mamaí agus Daidí leis nach bhfuil frog ar bith in ann eitilt – ach meas tú an gcuirfidh sé sin stop leis?
***
Tadhg Mac Dhonnagáin, scríbhneoir Gugalaí Gug! a rinne an leagan Gaeilge den chlosleabhar álainn seo.
In éineacht leis ar an CD, tá beirt aisteoir ó Chonamara — Caitlín Ní Chualáin (láithreoir le
RTÉ Raidió na Gaeltachta, a chualathas cheana ar Gugalaí Gug!) agus Oisín Ó Fátharta (8), i bpáirt Frainc, an frog a bhí ag iarraidh eitilt.
leabhar agus CD le Eric Drachman,
maisithe ag James Muscarello,
leagan Gaeilge le Tadhg Mac Dhonnagáin
ISBN: 978 – 0-9550983-4-5
Foilsithe 2008
34 lth, lándaite, 310 x 240mm,
clúdach crua agus forchlúdach.
Aoisghrúpa: 4 - 7
***
"Tá caighdeán na léaráidí thar barr... Ní glór aonair atá le cluinstin anseo ach cór de chainteoirí.
Triúr atá ar Frog sa Spéir…agus cúigear ar Eileanór an Eilifint Éagsúil"
The Irish Times
 |