Tá ubh ar iarraidh ar Cití Cearc.
Cén sórt gadaí gránna a ghoid ubh Chití?
***
Tá Cití Cearc ar bís - tá ceithre ubh aici agus í ag súil go mór leis na sicíní a bheidh ag teacht amach go luath.
Ach nuair a ghoideann gadaí gránna éigin ceann amháin dá cuid uibheacha, tá Cití trína chéile.
An mbeidh sí féin agus a ciarde in ann teacht ar an ngadaí gránna agus an ubh álainn a fháil ar ais?
Beidh páistí óga, agus duine ar bith a léann an scéal dóibh lag ag gáire ag an scéal álainn greannmhar seo.
scríofa ag Patricia Forde,
maisithe ag Sarah Preston,
ISBN: 978-1-906907-21-1
32 lth, lándaite, le flapaí, 265 x 230mm, clúdach crua.
Aoisghrúpa: 3 - 7
Foilsithe: Meán Fómhair 2010
Leathnach Samplach thíos
 |