Gugalaí Gug -Eagrán Céiliúrtha 10 mbliana

  • Tairge: Gugalaí Gug
€16.95 Ex Tax: €16.95
Cur síos: Tá Gugalaí Gug! deich mbliana ar an saol! Eagrán álainn faoi chlúdach crua a dhéanamm ceiliúradh ar an gclasaic Gaeilge seo a bhfui...

Cur síos:

Tá Gugalaí Gug! deich mbliana ar an saol! Eagrán álainn faoi chlúdach crua a dhéanamm ceiliúradh ar an gclasaic Gaeilge seo a bhfuil na mílte cóipeanna díolta aige.

Bronnann an IRMA, Irish Recorded Music Association dioscaí óir ar albaim mar aitheantas ar dhíolachán os cionn 7,500 cóip agus tá an t-aitheantas sin tuillte go hoifigiúil anois ag Gugalaí Gug! i 2011.

Ón gcéad lá ar foilsíodh é, tá na mílta éisteoir agus léitheoir, idir óg agus sean, curtha faoi dhraíocht ag Gugalaí Gug! Naoi gcinn fhichead de rannta agus d’amhráin ón traidisiún atá anseo. Ar an dlúthdhiosca, cloistear Tom Sailí Ó Flaithearta, duine de shár-aisteoirí Chonamara; Caitlín Ní Chualáin, fonnadóir aitheanta ó Chois Fharraige, chomh maith le glúin nua rannairí agus fonnadóirí aniar. Agus cuireann pictiúr áille Cartoon Saloon na seanrannta seo ar a seanléim!

Leabhar agus CD álainn – ba cheart go mbeadh cóip i ngach tigh sa tír’ Dáithí Ó Sé

 

Údar :Is é scríbhneoir, cumadóir amhrán, agus foilsitheoir é, Tadhg Mac Dhonnagáin,Futa Fata a scríobh an leabhar seo. Tá cúlra láidir aige sa réimse réamhscoile. D’oibrigh sé mar mhúinteoir bunscoile, ag múineadh naíonáin bheaga, chuir sé clár réamhscoile, ‘Dilín o Deamhas’ i láthair ar RTÉ.

Tá seacht gcinn de dhlúthdhioscaí eisithe aige, idir amhráin do dhaoine fásta agus ábhar do pháistí, ina measc an bailiúchán rannta ón traidisiún béil, Gugalaí Gug, ar bronnadh diosca óir air i 2011.

Tá a chomhlacht foilsitheoireachta, Futa Fata, ag feidhmiú go leanúnach sa Spidéal ó 2005 i leith. Tá os cionn seachtó teideal foilsithe go dtí seo agus cearta na mbunleabhar Gaeilge díolta sa tSín, sa Chóiré, sa Téalainn, sa Fhrainc, sa Danmhairg san Afraic Theas agus in Albain.

 

Gugalaí Gug Beo ar Youtube!

Froganna Beaga Glasa

 

Foilsitheoir: Futa Fata

Foilsithe: Eanáir 2016

Údar : Tadhg Mac Dhonnagáin/John Ryan

Líon Lth:44

Clúdach Crua, Portráid, Lándaite. 230x230mm
ISBN: 978-1-910945-193

Praghas: €16.95

Aoisghrúpa: 6+ 

Write a review

Note: HTML is not translated!
    Bad           Good

Tags: Gugalaí Gug | Futa Fata

image
image