



- Stoc: I stoc
- Meáchan: 0.30kg
- Toisí: 0.23cm x 0.00cm x 230.00cm
Cur síos
Gearrliosta Gradam Réics Carló 2012
Cur síos
Tá Binjí, an madra beag, imithe amú sa chathair mhór.
Tá sé ag iarraidh teacht ar a mháistir. Bíonn sé siúd ag obair sa Mhargadh –
ach níl a fhios ag Binjí cá bhfuil sé sin. Nuair a chasann sé ar chat cliste darbh ainm di Cloigín, deir sise gur féidir léi cabhrú leis. Ach an féidir?
Scéal álainn é seo faoin gcairdeas idir madra beag atá imithe
amú agus cat cliste a bhfuil gach rud ar eolas aici –bhuel, beagnach gach rud!
An tÚdar
Tá rath mór ar Patricia Forde mar údar do pháistí, i mBéarla agus i nGaeilge.
D’fhoilsigh O’Brien Press leabhair dá cuid cheana agus le dhá bhliain anuas, tá sraith tagtha dá cuid taghta ó Egmont, i Londain.
An Maisitheoir
Seo an dara leabhar atá maisithe ag Brian Fitzgerald do Futa Fata. Is breá linn an bealach atá aige le carachtar beo beathaíoch a chur os ár gcomhair
Preas
“Tá an scéal scríofa go simplí agus maisithe go hálainn” The Irish Examiner
Dáta Foilsithe : Feabhra 2022
Foilsitheoir Futa Fata
Údar Patricia Forde
Maisitheoir Brian Fitzgerald
Lth 32 , Clúdach Bog,
Formáid 260mm x 230mm
Pictiúr Lándaite
ISBN 978-1-910945-91-9
Aoisghrúpa 3-7