-551x780w.jpg)
- Stoc: I stoc
Cur síos
Seit Iomlán x 3
Dog Man: Beidh idir óg agus aosta sna trithí gáire agus iad ag léamh an chéad imleabhar seo sa tsraith cháiliúil Dog Man, ar fáil den chéad uair as Gaeilge. Lean an laoch clúmhach Dog Man ar a chuid eachtraí agus é ag iarraidh an baile a choinneáil slán ar bhithiúnaigh aisteacha de gach méid agus de gach cineál!
Dog Man Scaoilte Amach: Tá sé ar ais! Agus tá Dog Man bocht céasta ag Páidí! An mbeidh ár laoch in ann an baile a choinneáil slán ó choireanna an chait nó an éireoidh leis an gcat cliste an ceann is fearr a fháil ar Dog Man?
Dog Man Scéal an Dá Phuisín: Tá a dhá oiread trioblóide i ndán do Dog Man agus clón déanta ag Páidí de féin - rud a chiallaíonn, ar ndóigh, go bhfuil dhá phuisín ann!
Údar/Maisitheoir: Dav Pilkey
Leagan Gaeilge: Máirín Ní Mhárta
Aoisghrúpa: 7+