



- Stoc: I stoc
Cur síos
Seit Iomlán x 5
Eoinín: Tá eitleog ag Eoinín. Ach níl sé éasca í a chur ag eitilt go hard sa spéir! An féidir leatsa cabhrú leis?
Eoinín agus a Chairde: Tá Eoinín ar bís - seo é a chéad lá ar scoil. Ach níl aon chara ar scoil aige. An mbeidh sé ceart go leor?
Eoinín ag dul a Chodladh: Tá Eoinín ina chodladh. Anois, tá sé dúisithe! Ó bhó! Níl sé in ann dul ar ais a chodladh. An féidir leatsa cabhrú leis?
Bearradh Gruaige d'Eoinín: Tá bearradh gruaige ag teastáil ón uainín beag Eoinín. An dtabharfá cuairt ar an ngruagaire in éindí leis? Tá a chuid gruaige le ní, le bearradh agus le triomú agus ba mhór aige tacaíocht ó léitheoir óg.
Eoinín ag an Siopa: Tá Eoinín ag dul ag siopadóireacht. Caithfidh sé tralaí a fháil agus ansin é a stiúradh timpeall an tsiopa. An féidir leatsa cabhrú le hEoinín gach ní ar a liosta siopadóireachta a fháil?
Údar: Muireann Ní Chíobháin
Maisitheoir: Róisín Hahessy