



- Stoc: Pre-Order
- Meáchan: 0.20kg
- Toisí: 200.00cm x 0.00cm x 200.00cm
- ISBN: 9781910945957
Cur síos
Tá Eoinín ar bís dá chéad lá ar scoil, ach níl aithne aige ar éinne san áit nua seo.
Cabhraigh le hEoinín aithne a chur ar a scoil. Meas tú an bhfuil aon chairde istigh ann?
An tÚdar
Is scríbhneoir, craoltóir, aisteoir agus scéalaí í Muireann Ní Chíobháin. I measc na saothar atá
tagtha uaithi, tá na sraitheanna teilifíse don óige: ‘Dig In Diner’, ‘Mr Mender and The Chummyjiggers’, ‘The Adventures of Muc’ atá le feiceáil ar RTÉjr.
I measc na scéalta gearra atá scríofa aici do pháistí tá bailiúchán scéalta faoi ‘LUKE’
mar chuid den tsraith teilifíse cháiliúil ‘Tell Me A story’ agus ós cionn 100 scéal do na
sraitheanna ‘Shhh It’s Quiet Time’, ‘Pic a Story’ agus ‘Storytime’ atá le feiceáil ar RTÉjr.
Is é seo a dara leabhar sa sraith seo uaithi.
An Maisitheoir
Bhí grá ag Róisín Hahessy, arb as Cluain Meala ó dhúchas dhi, don ealaín ó bhí sí an-óg.
Tar éis di céim a bhaint ó Coláiste Ballyfermot, Baile Áth Cliath, chaith sí seal ag obair le graificí
san earnáil teilfíse. I 2021 chroch sí a seolta go dtí an Phortaingéil, áit a bhfuil sí ag díriú anois ar a chuid obair mhaisiúcháin ar leabhar do pháistí.Is é Eoinín agus a Chairde an triú leabhar dá cuid le Futa Fata.
Dáta Foilsiú Lúnasa 2022
Údar Muireann Ní Chíobháin
Maisitheoir Róisín Hahessy
Lándaite Clúdach Cáirtleabhair 200mm x 200mm
Líon na Lth 12pp
ISBN 978-1-910945-95-7
Aoisgrúpa: 0 - 3