Geansaí Ottó

  • Tairge: 599
€10.95 Ex Tax: €10.95
Geansaí Ottó   Tá stíl ag Ottó agus is breá leis éadaí deasa. Ach ní thuigeann Mamó rud ar bith faoi chúrsa&iacu...

Geansaí Ottó

 

Tá stíl ag Ottó agus is breá leis éadaí deasa. Ach ní thuigeann Mamó rud ar bith faoi chúrsaí

faisin. Nuair a thagann geansaí gránna eile sa phost uaithi, tá rogha ag Ottó - caithfidh

sé rud éigin a dhéanamh...

 

Faoin Scríbhneoir:

Is scríbhneoir do pháistí í Sadhbh Devlin. D’fhoilsigh Futa Fata a céad phictiúrleabhar, BÍ AG SPRAOI LIOM! in 2017, é maisithe ag Tarsila Krüse. Tháinig BEAG BÍDEACH uaithi in 2018, é maisithe ag Róisín Hahessy. Ainmníodh BEAG BÍDEACH le haghaidh ceithre ghradaim; Leabhar Pháistí Éireann: Leabhar na Bliana; Gradam Réics Carló; Cumann Litearthachta na hÉireann: Leabhar na Bliana agus iBbY Ireland: Hans Christian Andersen Honour List, 2020. Foilseoidh Futa Fata GEANSAÍ OTTÓ, an tríú pictiúirleabhar uaithi, in 2020.

Is í an Scríbhneoir Cónaitheach 2019-2020 le dlr LexIcon í agus tá sí cláraithe leis an scéim Writers in Schools chomh maith.

Tugann sí cuairt go minic ar scoileanna agus leabharlanna thart timpeall na tíre agus éascaíonn sí ceardlanna do pháistí agus

teaghlaigh ag féilte cosúil le ILFD, Listowel Writers’ Week, Belfast Arts Festival, Dubray StoryFest agus in ionaid cosúil le MoLI

(Museum of Literature, Ireland).

 

Faoin Maisitheoir:

Bhí grá ag Róisín Hahessy, arb as Cluain Meala ó dhúchas dhi, don ealaín ó bhí sí an-óg.

Tar éis di céim a bhaint ó Coláiste Ballyfermot, Baile Áth Cliath, chaith sí seal ag obair le graificí

san earnáil teilfíse. I 2015 chroch sí a seolta go Braisíl, áit a bhfuil sí ag díriú anois ar a chuid obair

mhaisiúcháin ar leabhar do pháistí.Is é Geansaí Ottó an dara leabhar dá cuid le Futa Fata.

 

 

Beag Bídeach ainmhithe do gearrliosta:

Gearrliosta IBBY Hans Christian Andersen Honour List 2020

Gearrliosta Ghradaim Leabhair do Pháistí Cumann Litearthachta na hÉireann 

Gearrliosta Gradam Réics Carló 2019 

Gearrliosta Leabhar na Bliana 2019- Leabhair Pháistí Éireann

 

Dáta Foilsiú : Deireadh Fómhair 2020

Údar Sadhbh Devlin

Maisitheoir Róisín Hahessy

Lándaite Clúdach Crua, 280mm x 220mm

Líon na Lth 32pp

RRP €10.95 

ISBN 978-1-910945-59-9

Aoisgrúpa: 3  - 6

Write a review

Note: HTML is not translated!
    Bad           Good
image
image