- Stoc: I stoc
- Meáchan: 0.20kg
- Toisí: 265.00cm x 0.00cm x 230.00cm
- ISBN: 9781910945285
Cur síos
Is luch an-cheolmhar é Luán. Is breá leis bheith ina chónaí faoin gCeoláras,
áit is féidir leis éisteacht leis an gceolfhoireann ag cleachtadh gach lá.
Ba bhreá leis bheith ina measc, ag casadh ceoil do na daoine uaisle,
ach níl cead ag luch teacht isteach sa halla go fiú.
Ach nuair a thagann ceoltóir cáiliúil chun mórphianó
a chasadh leis an gceolfhoireann,
cuirtear tús le heachtra a athróidh rudaí sa Cheoláras go deo!
Faoin Scríbhneoir:
Is as an Spidéal do Gemma Breathnach.
Scríbhneoir teilifíse í, a bhfuil scripteanna scríofa aici do shraitheanna drámaíochta
TG4, Seacht agus Ros na Rún ina measc. Seo a céad leabhar do pháistí.
Ainmníodh Gemma do gradam ZeBBie 2019 leis an Writers Guild of Ireland..
Seo a dara leabhar do pháistí.
Faoin Maisitheoir:
Is as Aix en Provence na Fraince do Delphine Bodet.
Tá riar mhaith pictiúrleabhar maisithe aici agus tá a saothar foilsithe go forleathan
sa Fhrainc. Seo an chéad leabhar atá maisithe aici do Futa Fata.