





- Stoc: I stoc
- Meáchan: 0.30kg
- Toisí: 130.00cm x 0.00cm x 198.00cm
- ISBN: 9781910945759
Cur síos
Tá gach duine i dteaghlach Aoife gafa leis an stair – is é sin, gach duine seachas Aoife. Ní thuigeann sise cén
fáth a gcaitheann a Mam an lá ar fad thuas ag an tseanmhainistir áitiúil sa tóir ar thaisce rúnda faoi thalamh.
Nuair a thugann Aoife cuairt ar an tseanmhainistir chéanna i lár na hoíche, áfach, faigheann sí amach nach bhfuil an stair chomh leadránach agus a shíl sí.
Is scéal lán draíochta agus eachtraíochta é seo ó pheann Patricia Forde – ní bheidh tú in ann é a leagan uait.
Údar
Scríobhann Patricia Forde leabhair do pháistí, i nGaeilge agus i mBéarla agus scríobhann sí scripteanna
teilifíse agus drámaí stáitse chomh maith. I measc na leabhar atá tagtha uaithi tá na pictiúrleabhair Cití Cearc, Binjí, Madra ar Strae, Mise agus an Dragún agus Ná Dúisigh an Páiste!, na leabhair do
léitheoirí neamhspleácha Frogs Do Not Like Dragons, Hedgehogs Do Not Like Heights,
an tsraith Lísín (ceithre theideal),
agus na húrscéalta Tír Faoi Thoinn, The King’s Secret, The Wordsmith agus Mother Tongue.
Tá trí cinn de dhrámaí don chomplacht Gaillimheach Mhacnas scríofa aici:
A Circus Story, The Mariner agus Gráinne Uaile.
Tá a saothar Gaeilge aistrithe agus foilsithe thar lear sa tSín, sa Chóiré, sa Téalainn, sa Fhrainc, sa Bhriotáin, in Albain, sa Tuirc agus san Afraic Theas.
Dáta Foilsithe: Samhain 2021
Údar: Patricia Forde
Maisitheoir le Lauren O'Neill
Lándaite, Clúdach bog
Líon na lth: 64 lth
ISBN: 978-1-910945-7-9
Praghas: €8.95