-551x780w.jpg)
- Stoc: I stoc
Cur síos
Seit Iomlán x 3
An Féileacán agus an Rí: Is iníon taoisigh í Éadaoin. Tá sí óg agus álainn agus tá sí iontach cliste mar imreoir fichille. Tá grá aici do Mhír, mac rí álainn, uasal. Ach nuair a chuirtear draíocht uirthi agus nuair a chastar isteach ina féileacán í, tá sí scartha óna grá geal. An éireoidh léi Mír a aimsiú an athuair?
Údar: Máire Zepf
Maisitheoir: Shona Shirley Macdonald
Cluasa Capaill ar an Rí: Nuair a bheirtear páiste do bhanríon na tíre, tá sí féin agus an rí an-bhuartha: tá cluasa capaill ar an bpáiste. An nglacfaidh muintir na tíAre lena mac, Labhraí? An mbeidh sé in ann a rún aisteach a choinneáil ar feadh a shaoil, fiú nuair a bheidh sé féin ina rí ar an tír?
Údar: Bridget Breathnach
Maisitheoir: Shona Shirley Macdonald
An Fia sa Choill: Pléitear scéal grá Fhinn Mhic Cumhaill agus a bhean mhistéireach, Sadhbh, a thiontaíodh ina fia nuair a dhiúltaigh sí seanfhear a phósadh.
Údar: Sadhbh Devlin
Maisitheoir: Anastasia Melnykova
Aoisghrúpa: 7+