Covid - 19

Tá súil againn go bhfuil sibh ar fad ag coinneáil slán, folláin. Ach an oiread le go leor gnólachtaí eile, idir bheag agus mhór, tá foireann Futa Fata ag obair ón mbaile le roinnt seachtainí anuas, ag iarraidh coinneáil orainn leis an obair foilseacháin.  Is mór againn é go bhfuil ár léitheoirí fós ag iarraidh tacú linn agus tá muid fíorbhuíoch as ucht na n-orduithe ar fad atá tagtha isteach. Tar éis dúinn machnamh agus staidéar cúramach a dhéanamh ar na treoirlínte atá leagtha síos ag an rialtas, tá sé beartaithe againn tosú ag seachadh leabhar amach arís.  Ar an gCéadaoin a sheolfar orduithe agus le cúiréir a chuirfear chun bealaigh iad, ionas go bhfuil a laghad idirbheartaíocht agus is féidir leis an bpobal.  Is gnó beag muid agus tá muid ag brath ar an díolaíocht le coinneáil orainn.  Chomh maith leis sin, tá muid freisin ag iarraidh bheith ag freastal oraibhse, ár léitheoirí dílse, atá ag tacú linn le linn an ama seo. 

 

Scéal an Lae

Bhí muid ag iarraidh rud éigin a dhéanamh le tacú leis na tuismitheoirí ar fad atá ina múinteoirí baile anois! Bheartaigh muid sraith nua a thosú ar na meáin sóisialta, dar teideal Scéal an Lae.  D’iarr muid ar na húdair atá foilsithe againn an mbeadh siad sásta iad féin a thaifeadadh ag léamh a gcuid scéalta. Fair plé dóibh ar fad, bhuail siad faoi!  Ní raibh súil ar bith againn go mbeadh an oiread sin suim éilimh físeáin sin ach tá an-suim curtha iontu agus méadú mór ar líon ár gcuid leantóirí ar Facebook agus Instagram, áit a bhfuil siad le feiceáil.  Tá muid chomh bródúil as meitheal Futa Fata ar fad agus an-bhuíoch daoibhse atá ag breathnú agus ag roinnt #ScéalAnLae.  Tá siad ar fad ar Facebook agus cuid acu ar @futafata ar Instagram.  Foilsítear iad gach maidin, ó Luan go hAoine ag 11rn.  Tá briseadh á thógáil an tseachtain seo againn, ach beidh Scéal an Lae ar ais Dé Luain an 20 Aibreán.

 

Leabhair Nua

Cé nach fios cén uair a bheidh siopaí leabhar ar oscailt in athuair agus cén uair a mbeidh muid in ann seoltaí leabhar a eagrú, tá muid ag coinneáil orainn lenár bplean foilsitheoireachta a chur i gcrích do 2020. Rinne muid nochtadh clúdaigh roinnt seachtainí ó shin ar MÍP,  pictiúrleabhar nua, é scríofa ag Máire Zepf agus maisithe ag Paddy Donnelly.  Beidh nochtadh clúdaigh eile againn go luath.  Leabhar ó údar cáiliúil – meas sibh cé atá ann?  Bígí cinnte fanacht linn ar na meáin sosialta go bhfeicfidh sibh céard atá ag teacht agus cé leo a bhfuil muid ag obair!

 

Cúirt 2020

Faraor, tá na ceardlanna a raibh an t-údar Gemma Breathnach le cur ar fáil don fhéile Cúirt curtha ar athló de bharr na géarchéime.  Ach, níl an fhéile féin le chur ar athló.  Tá obair na gcapall déanta ag foireann na féile le sciar maith den chlár a bhí beartaithe a chur ar fáil mar fhéile dhigiteach.  Idir an 23ú agus 25ú Aibreán beidh clár iontach ar fáil. Beidh leithéidí Sara Baume, Ciara Ní É, Kevin Barry agus Eimear McBride páirteach, iad faoi agallamh, ag léamh óna saothar agus ag cuir is ag cúiteamh le linn seisiúin éagsúla. Tá an rud ar fad saor in aisce ach is gá clárú roimh ré.  Bí cinnte a bheith leo. 

 

Ag guí Cáisc shona shláintiúil oraibh go léir.  #FansaBhaile