Ceiliúradh an Earraigh in dlr LexIcon, Dún Laoghaire

Táimid ag cur tús lenár n-imeachtaí i mbliana ar an taobh thoir den tír in ionad álainn an dlr LexIcon, Dún Laoghaire, Co. Áth Cliath. Tá ríméad orainn trí cinn de leabhair nua a chuir faoi bhur mbráid (go hoifigiúil!) agus ceiliúradh a dhéanamh ar scéalta, ar an miotaseolaíocht agus ar ealaín na leabhar le údair agus le maisitheoirí Futa Fata.  Roghnaigh muid Lá ‘le Bríde don ocáid seo mar go bhfuil miotais go leor ag baint leis an lá agus leis an naomh a luaitear leis. Lá speisialta atá ann, agus lá an-oiriúnach leis scéal miotaseolaíochta “An Féileacán agus an Rí”a chur i láthair. Athinsint atá ann ar scéal Éadaoin agus Mír, é scríofa ag Máire Zepf agus maisithe ag Shona Shirley Macdonald. Gan amhras, beidh scéalta atá cumtha go hiomlán as an nua againn freisin; “Scúnc agus Smúirín” ó pheann Mhuireann Ní Chíobháin agus é maisithe ag Paddy Donnelly. An tríú leabhar, “Ar Strae” sé síos ar an teifeach óg, Nizar. Scéal comhaimseartha é do pháistí níos sine agus do dhéagóirí óga, é inste le croí ag Patricia Forde.  John White a mhaisigh. Agus, ar ndóigh ní ocáid Futa Fata a bheadh ann gan cúpla port ó fhear an tí, Tadhg Mac Dhonnagáin! Beidh na cruthaitheoirí ar fad i láthair ar an lá, na healaíontóirí ag cruthú pictiúr os ár gcomhair agus na scríbhneoirí ag scéalaíocht. Mar sin, bígí linn! Ocáid spraíúil don teaghlach ar fad agus tá fáilte roimh chách.  Dé Sathairn, 12.30 an 1ú Feabhra.

 

Ródseó Futa Fata 2020

Ag fanacht in oirthear na tíre a bheidh muid d’imeachtaí mí an Mhárta freisin agus muid le Ródseó Futa Fata a thabhairt ar chamchuairt scoile i gContae Átha Cliath agus Chill Dara.  Anuraidh, chuartaigh muid léiriú spéise ó scoileanna agus bhí iontas orainn an méid iarratas a tháinig ar ais chugainn.  Faraor níl ionainn ach foireann bheag – scoil amháin in aghaidh an lae ar feadh seachtaine – ach tá muid ag súil go mór leis an gcamchauirt.  Tá muid fíorbhuíoch don Chomhairle Ealaíón atá ag tacú leis an tionscadal, An sprioc atá againn leis na seónna agus ceardlana seo ná daoine cruthaitheacha atá ag obair trí mheán na Gaeilge a chur in aithne do páistí scoile agus seisiún siamsúil a chur ina láthair.  Agus ar ndóigh an dlaoi mhullaigh ar an scéal ná chuile páiste atá i láthair, gheobhaidh siad leabhar isteach ina lámh ag dul abhaile dóibh.  Tá muid ag súil go mór le bualadh le breis agus míle chúig chéad céad páistí agus an Ródseó ar siúl!

 

Dialann Dúradáin #5

Nuair a d’fhoilsigh muid an chéad Dialann Dúradáin i nGaeilge i mí an Mhárta 2016, níor thuig muid an tóir a bheadh ar an tsraith, ná an caidreamh a bheadh tagtha chun cinn le hudár na sraithe, Jeff Kinney agus a fhoilsitheoir i Meirceá, Abrams, i Nua-Eabhrac.  Is cúis bhróid dúinn an cúigiú leabhar sa tsraith a fhoilsiú i nGaeilge an tEarrach seo.  Tá an Ghaeilge ar cheann de 61 teanga a bhfuil an tsraith Diary of a Wimpy Kid ar fáil inti agus is minic a deir Jeff Kinney go poiblí go bhfuil sé bródúil ach go háirithe as na heagráin Ghaeilge mar gur ón tír seo a tháinig a mhuintir i bhfad siar. An Fhírinne Shearbh is teideal den teideal atá ar na bacáin agus is í Máirín Nic Con Iomaire a d’aistrigh.  Ar fáil go luath!