Roghchlár
Your Cart

Nuachtlitir Meán Fómhair 2022 RSS Feed

GRADAIM FOILSITHEOIREACHTA AN OIREACHTAIS
Bhí tús maith leis an bhfómhar anseo tigh Futa Fata agus gearrliostaí Ghradaim Foilsitheoireachta an Oireachtais fógartha. Tá ríméad orainn go bhfuil An Slipéar Gloine le Fearghas Mac Lochlainn, maisithe ag Paddy Donnelly, ainmnithe ar ghearrliosta Ghradam Réics Carló, a cheiliúrann scoth na leabhar do pháistí. Anuas air sin, tá Buachaill an Ghúna le David Walliams, aistrithe ag Máirín Ní Mhárta, ainmnithe ar ghearrliosta Ghradam de Bhaldraithe, a cheiliúrann scoth na n-aistriúchán. Agus do na daoine fásta, ónár n-inphrionta Barzaz, tá Khalil – úrscéal le Yasmina Khadra, aistrithe go Gaeilge ag Máirín Nic Con Iomaire – ainmnithe do Ghradam de Bhaldraithe chomh maith. Fógrófar buaiteoirí na nGradam Foilsitheoireachta ar an gCéadaoin, 5 Deireadh Fómhair, ag ócáid bhronnta i dTeach an Ardmheára, BÁC. Tá muid ag súil go mór leis an oíche agus déanann muid comhghairdeas ó chroí le gach duine atá ainmnithe.   

EOINÍN

Tá carnán iontach álainn de leabhair nua againn daoibh an fómhar seo. Ar na seilfeanna cheana féin, tá dhá scéal nua sa tsraith Eoinín le Muireann Ní Chíobháin, maisithe ag Róisín Hahessy. Titfidh páistí óga i ngrá le hEoinín, gan amhras. Cairtleabhair iad atá foirfe do lámha beaga.

Tá go leor léitheoirí óga amuigh ansin ar bís don cheann seo: Míp agus Blípín! ‘Sea, a chairde, tá Míp ar ais agus tá na heolaithe i ndiaidh bronntanas speisialta a sheoladh chuige dá lá breithe: cara beag darb ainm Blípín. Is róbat é Blípín atá cliste, cairdiúil agus in ann eitilt! Ach cén fáth, mar sin, a bhfuil Míp brónach? Coinnígí súil amach dóibh seo sna seachtainí beaga amach romhainn.  

Faoi thús mhí Dheireadh Fómhair, beidh Amuigh Faoin Spéir le Sadhbh Devlin, maisithe ag Brian Fitzgerald, i siopaí leabhar ar fud na tíre. Scéal álainn é seo faoi Rua, atá breá sásta go bhfuil an deireadh seachtaine ann agus gur féidir leis luí siar ar an tolg agus féachaint ar chartúin ar feadh an lae. Ach, tá plean iomlán éagsúil ag Mamaí don lá. B’fhearr le Rua fanacht sa bhaile, áit a bhfuil sé te teolaí, tirim agus glan – ach an éireoidh leis?
 
 

There are no blog posts to list.