LÁ DOMHANDA NA LEABHAR

Tá lá ceiliúrtha na leabhar tagtha, tá na seastáin sna siopaí agus tá ríméad orainn go bhfuil Cluasa Capaill ar an Rí lárnach i measc na dtaispeántas fud fad na tíre. An aidhm is mó atá leis an gcarthanacht seo ná grá don léitheoireacht a chothú i measc na n-óg agus deis a thabhairt do chuile pháiste a leabhar féin a bheith aige nó aici, beag beann ar chúlra. Ní haon rún é go gcabhraíonn an léitheoireacht don phléisiúr le foghlaim agus le forbairt an pháiste. Tá eagrán faoi leith de Cluasa Capaill ar an Rí curtha i gcló don lá mór, agus tá cóipeanna speisialta den eagrán sin, sínithe ag an údar, Bridget Bhreathnach, le fáil in Charlie Byrnes i nGaillimh agus sa Siopa Leabhar i mBaile Átha Cliath. Tá cóipeanna sínithe ag an maisitheoir, Shona Shirley Macdonald, le fáil in Dubray, Sráid Grafton agus Eason, Sráid Uí Chonaill. Cé chomh speisialta is a bheadh sé greim a fháil ar cheann de na heagráin sin?!!

 

AN BOSCA LEABHARLAINNE

 

An tseachtain seo sheol an tAire Oideachais, Norma Foley TD, tionscadal iontach de chuid Áine Ní Ghlinn, Laureate na nÓg, tionscadal dar teideal An Bosca Leabharlainne. I gcomhpháirtíocht le Foras na Gaeilge agus leis an gComhairle Ealaíon tá 55,000 leabhar á seoladh go breis agus 1,800 scoil timpeall na tíre. Is é An Bosca Leabharlainne príomhthionscadal Áine Ní Ghlinn dá téarma trí bliana mar Laureate na nÓg, agus é mar aidhm aici daoine óga a spreagadh chun taitneamh agus pléisiúr a bhaint as leabhair Ghaeilge a léamh. Gheobhaidh na scoileanna bosca 25 leabhar – iad roghnaithe go speisialta ag Áine féin – agus tá áthas orainn go bhfuil cúpla teideal linn féin ina measc! Anuas ar na leabhair féin, tá roinnt acmhainní breise sa bhosca le cuidiú le múinteoirí tairbhe a bhaint as na leabhair sa seomra ranga.

 

EUROPEAN UNION PRIZE FOR LITERATURE

Mar is eol do go leor agaibh, anuraidh sheol Futa Fata inphrionta nua, Barzaz, do dhaoine fásta. Go dtí seo tá dhá leabhar foilsithe againn, Madame Lazare agus Khalil. Ba é Madame Lazare an chéad leabhar de chuid Barzaz a tháinig ar an saol agus bhí ríméad orainn gur cuireadh oiread fáilte roimhe. Ní hamháin gur bhain sé gradam de chuid An Post Irish Book Awards, ach an tseachtain seo fógraíodh go bhfuil sé ainmnithe don European Union Prize for LiteratueLitríocht Éireann a rinne an t-ainmniúchán, agus ba é Madame Lazare an t-aon leabhar ón tír seo ar cuireadh a ainm chun tosaigh. Is rud mór ann féin an méid sin dúinne … ach ansin ... cuireadh é ar an ngearrliosta! Níl ach ceithre leabhar déag in iomaíocht don ghradam, as ceithre thír déag san Eoraip. Déanfar sleachta ó leabhair an ghearrliosta a aistriú go Béarla agus go Fraincis do na moltóirí agus fógrófar buaiteoir an mhórghradaim – mar aon le cúig leabhar a dtabharfar aitheantas speisialta dóibh – ag seoladh Aonach Leabhar Pháras ar an 21 Aibreán.