LEABHARLANNA SCOILE

I lár mhí Aibreán d’fhógair an tAire Oideachais, Norma Foley, go mbeadh deontas de €20M á dháileadh ar scoileanna na tíre le forbairt a dhéanamh ar leabharlanna scoile. Sna seachtainí idir sin agus seo, tá go leor oibre déanta ag leithéidí Leabhair Pháistí Éireann i gcomhair le leabharlanna na tíre chun tacú le scoileanna agus iad ag iarraidh leabhair chomhaimseartha, ionchuimsitheacha, tharraingteacha a roghnú. An sprioc atá leis an bhfeachtas seo ná léitheoirí cumasacha, muiníneacha a chothú.Tá Leabhair Pháistí Éireann i ndiaidh go leor eolais a chur le chéile – idir sheimineár gréasáin agus liostaí leabhar – agus is féidir teacht air sin ar fad anseo.Tá míle fáilte roimh scoileanna agus roimh mhúinteoirí teagmháil a dhéanamh linn féin má tá leabhair Ghaeilge ag teastáil uathu. Is cinnte go bhfuil rogha leathan leabhar againn atá ag teacht le moltaí Leabhair Pháistí Éireann agus le sprioc an fheachtais seo. Molaimis an óige agus léifidh siad!
 

OBAIR IDIR LÁMHA

Tá go leor tograí éagsúla sa tsiúl againn faoi láthair, idir chairtleabhair agus phictiúrleabhair nua. Cuid de na scéalta nua seo, casadh na príomhcharachtair oraibh cheana féin (hmmm…).Cuid eile acu, tá siad go hiomlán nua. Agus cuid eile arís, is scéalta aitheanta iad a

bhfuil casadh nua orthu! Ní bheidh aon díomá oraibh, a chairde, geallann muid sin daoibh. Coinnígí súil ar na meáin shóisialta i rith an tsamhraidh!

Rud amháin is féidir linn a rá ná go bhfuil an maisitheoir Brian Fitzgerald ar ais ag obair linn ar phictiúrleabhar nua. Is é Brian a mhaisigh Cócó an Colgán Cairdiúil le hAilbhe Nic Giolla Bhrighde agus Binjí,Madra ar Strae le Patricia Forde. Agus an leabhar nua seo… fan go bhfeice sibh! Seo cuid den obair is áille atá déanta ag Brian, dar linn féin! 

Tá súil againn go mbainfidh sibh an-sult as saoire an tsamhraidh, agus, dóibh siúd atá ag tabhairt faoi scrúduithe, go n-éirí go geal libh!