SÚIL SIAR
Ba bhliain ar leith a bhí in 2022. Agus muid ag breathnú siar, is deacair a chreidiúint gur bhain muid amach oiread is a bhain! D’fhoilsigh muid seacht leabhar nua agus neart athchlónna. Bhí Cluasa Capaill ar an Rí ar liosta na leabhar speisialta do Lá Domhanda na Leabhar, an chéad uair a bhí leabhar Gaeilge ar an liosta le fada, fada, fada an lá agus bhain an leabhar céanna UIMHIR 1 amach i gcairteacha na leabhar an tseachtain dar chríoch 18 Márta. Bhain An Slipéar Gloine Gradam Réics Carló 2022, agus chuaigh na leabhair do dhaoine fásta ó Barzaz i bhfeidhm ar dhaoine chomh maith – fuair Madame Lazare aitheantas speisialta ón European Union Prize for Literature agus bronnadh Gradam de Bhaldraithe 2022 ar Khalil.  Thacaigh muid le tograí éagsúla ar nós An Bosca Leabharlainne agus Mo Leabharlann Bheag, a chuir leabhair saor in aisce isteach i lámha páistí óga. Chuaigh Breda ar shaoire mháithreachas agus thosaigh Róisín Adams ag obair linn. Rugadh iníon do Breda agus dá fear céile, David – an chéad fhíorbhabaí de chuid Futa Fata! Bhí leabhair linn le feiceáil ar Sheó na mBréagán ach, níos fearr ná sin fós, léirigh sibhse, ár léitheoirí, an meas agus an t-éileamh atá ar leabhair Ghaeilge do pháistí óga. Tá súil againn tógáil air sin arís an chéad bhliain eile le go mbeidh neart ábhair ar fáil don chéad ghlúin eile a bheith ag léamh leo.

Beidh oifig Futa Fata agus Barzaz dúnta go dtí an 4 Eanáir, ach, idir seo agus sin, má thugann Daidí na Nollag dearbhán leabhar duit, b’fhéidir go gcuimhneofá ar leabhar Gaeilge a roghnú i do shiopa leabhar áitiúil!
 
Nollaig Shona agus athbhliain faoi mhaise daoibh go léir.