Tá sé Woof-igiúil...

Má leanann sibh an siopa leabhar Halfway Up the Stairs ar na meáin shóisialta, seans go bhfaca sibh an nochtadh clúdaigh a rinne siad dúinn roimh an gCáisc... ‘Sea, a chairde, tá Dog Man ag teacht! Agus nach orainn atá an ríméad saothar greannmhar, spraíúil Dav Pilkey a fhoilsiú ar an 1 Bealtaine. Beidh idir óg agus aosta sna trithí gáire agus iad ag léamh an chéad imleabhair seo sa tsraith cháiliúil Dog Man, ar fáil den chéad uair as Gaeilge. Lean an laoch clúmhach Dog Man ar a chuid eachtraí agus é ag iarraidh an baile a choinneáil slán ar bhithiúnaigh aisteacha de gach méid agus de gach cineál! Is í Máirín Ní Mhárta a d’aistrigh agus is féidir é a réamhordú anois!  

 

Cúirt
Tá seachtain mhór litríochta ag teannadh linn anseo i nGaillimh agus Cúirt ar siúl 18-23 Aibreán.Tá cuma iontach ar chlár fhéile na bliana seo agus údair aitheanta na tíre le tuirlingt ar an gcathair, agus údair idirnáisiúnta freisin.Níl dearmad déanta ag lucht eagraithe na féile ar na léitheoirí is óige inár measc, agus chuige sin beidh dhá sheisiún scéalaíochta ar siúl do pháistí i siopa leabhar Charlie Byrne’s Dé Sathairn an 22ú agus Dé Domhnaigh an 23ú ag 11.00am. Cuirfidh Fearghas Mac Lochlainn a leabhar An Slipéar Gloine i láthair ar an Satharn. Athinsint fhileata ar scéal Luaithríona é An Slipéar Gloine atá maisithe ag Paddy Donnelly. Bhain an leabhar Gradam Réics Carló 2022 agus tá sé ainmnithe ar Ghearrliosta Leabhar na Bliana KPMG Leabhar Pháistí Éireann 2023. Tá fáilte roimh chách!

Towers and Tales, Lios Mór

Ó dheas go Port Láirge an tseachtain dár gcionn agus tá féile iontach eile romhainn! I gCaisleán Leasa Móire ar an 29 Aibreán, cuirfear fáilte roimh léitheoirí óga freastal ar rogha leathan iontach d’imeachtaí. I lár an aonaigh ansin beidh Muireann Ní Chíobháin agus í ag cur Eoinín (agus a thóinín!) faoi bhráid naíonáin óga. Mura leor sin, beidh Paddy Donnelly ann chomh maith ag déanamh cur síos ar a phictiúrleabhair ar fad! Agus níl ansin ach blaiseadh den mhéid a bheas ar siúl ag Towers and Tales 2023.