Tá ríméad ar Futa Fata, an teach foilsitheoireachta atá lonnaithe sa Spidéal agus é fógraithe go bhfuil sé cinn dá gcuid leabhar ainmnithe ar ghearrliostaí na nGradam Foilsitheoireachta ag Oireachtas na Gaeilge. 

Is iad seo mórghradaim na bliana a dhéanann ceiliúradh ar litríocht na Gaeilge.  Tá trí ghradam ar fad i gceist: Gradam Uí Shuilleabháin, a thugann aitheantas do scoth na leabhar Gaeilge do dhaoine fásta, Gradam Réics Carló, a roghnaíonn sárfhoilseacháin na bliana do pháistí agus do dhaoine óga agus gradam nua atá ar an bhfód le cúpla blian anuas, Gradam de Bhaldraithe, a bunaíodh le haird a tharraingt ar na leabhair is fearr a aistríodh go Gaeilge le bliain anuas.

Is ar ghearrliosta Gradam Réics Carló atá ceithre cinn de leabhar Futa Fata ainmnithe.  Is í Muireann Ní Chíobháin (as Corca Dhuibhne agus Corcaigh) a scríobh Scúnc agus Smúirín – leabhar a bhain gearrliosta Leabhar na Bliana KPMG Leabhar Pháistí Éireann amach freisin. Scéal é faoi scúnc beag a bhfuil an-ghrá aige dá bhréagán bog Smúirín ach - ó bhó go deo! - nuair a chailleann Smúirín an boladh speisialta a bhaineann leis, tá Scúnc bocht trína chéile! Ar ndóigh, tagann Mamaí i gcabhair air! Paddy Donnelly (as Baile an Chaistil, Co. Aontroma) a mhaisigh an leabhar seo a bhfuil an tóir ag an bpobal óg air.

Róbat de chuid NASA dárbh ainm Oppy a spreag Máire Zepf (as Ard Mhic Nasca, lámh le Béal Feirste) le peann a chur le pár agus an scéal MÍP a chruthú.  Téann Míp go Mars ag cuartú eachtrán, ach an bhfuil a leithéid ann ar chor ar bith? Scéal barrúil é seo, agus smaoineamh an-bhunúil ina lár.  Paddy Donnelly  an t-ealaíontóir a chruthaigh na pictíuir don leabhar seo chomh maith.

Ach an oiread le Paddy, tá an dara ainmniúchán faighte ag Máire Zepf, don athchóiriú atá déanta aici ar cheann de scéalta móra na miotaseolaíochta, AN FÉILEACÁN AGUS AN RÍ.  Tá beocht as an nua tugtha ag Máire do scéal grá Éadaoin agus Mír, a théann siar chuig an 8ú haois. Cuireann ealaín eisceachtúil Shona Shirley Macdonald (atá lonnaithe i nGaeltacht na Rinne) leibhéal eile samhlaíochta leis an scéal.

Do pháistí beagainín níos sine a scríobhadh an ceathrú leabhar atá ainmnithe ar gearrliosta Gradam Réics Carló. Tá Ar Strae, leis an údar aitheanta Gaillimheach, Patricia Forde, bunaithe ar theifeach óg darb ainm Nizar. Is é an chéad scéal ficsineach atá foilsithe in Éirinn, go bhfios dúinn, a chuireann síos ar an taithí atá ag páiste ar bheith ina chónaí faoin gcóras a dtugtar soláthar díreach air. John White (as Dún Laoghaire) a mhaisigh agus tá na learaidí dubh agus bán uaidh thar a bheith éifeachtach maidir leis an scéal a threisiú. )

Ar aghaidh go Gradam de Bhaldraithe agus dhá leabhar de chuid Futa Fata ainmnithe dó.  Ní gá ainm Julia Donaldson a chur in aithne do dhuine ar bith a bhfuil suim acu i litríocht na n-óg do pháistí.  Is í banríona na scéalta vearsaíochta don aoisghrúpa óg í agus tá a cuid leabhar aistrithe agus foilsithe ar fud na cruinne.  Tá ainmniúchán faighte ag Tadhg Mac Dhonnagáin (an Spidéal) don athchruthú atá déanta i véarsaíocht Ghaeilge aige ar Zog. 

Leabhar ón tsraith rícháiliúil Diary of a Wimpy Kid é an séú leabhar atá ainmnithe, é scríofa agus maisithe ag an nGaelMheirceánach Jeff Kinney. Dialann Dúradáin atá ar an tsraith Ghaeilge agus is í Máirín Nic Con Iomaire (An Cheathrú Rua) a d’aistrigh An Fhírinne Shearbh (The Ugly Truth).  Tá sé ráite go poiblí ag Jeff cé chomh bródúil is atá sé go bhfuil a chuid leabhar ar fáil i nGaeilge.  Is as an tír seo a tháinig a shinsir agus tá bá speisialta aige linn agus lenár dteanga.

Fógrófar na buaiteoirí ag oíche mhór liteartha i mí Dheireadh Fómhair.  Táimid fíorbhródúil as ár gcuid scríbhneoirí, maisitheoirí agus aistritheoirí agus guímid chuile rath orthu siúd ar fad atá ainmnithe. 

 

@ Futa Fata 2020