Fógraíodh gearrliosta Leabhar na Bliana ag KPMG agus Leabhar Pháistí Éireann I mBéal Feirste Dé Luain 10ú Márta 2020.  Tá ríméad ar theach foilsitheoireachta An Spidéil, Futa Fata, go bhfuil pictiúrleabhar leo i lár an aonaigh.  Is é SCÚNC AGUS SMÚIRÍN ceann de thrí leabhar Gaeilge atá ainmnithe i mbliana.   Scríofa ag Muireann Ní Chíobháin agus maisithe ag Paddy Donnelly, is scéilín é faoi scúnc beag a bhfuil bréagán bog fíorspeisialta aige le boladh ar leith!  Ach ó bhó go deo, tá trioblóid ann nuair a théann Smúirín amú!  Scéal é seo a mbeidh bá ag go leor leor páistí leis.  Seo é an chéad leabhar le Muireann agus Paddy atá foilsithe ag Futa Fata.  Tá bród orainn go bhfuil fiúntas a saothair aitheanta ag moltóirí na ngradam seo.

I measc na n-údar agus na maisitheoirí eile atá ainmnithe,  tá Máire Zepf dá hurscéal Nóinín agus Mór agus Muilc, scéal ó thradisiúin béil Thír Chonaill, é scríofa ag John Óg Hiúdaí Neidí Ó Colla agus maisithe ag Kim Sharkey.

Leabhair Bhéarla iad na seacht n-ainmniúchán eile; All the Bad Apples le Moïra Fowley-Doyle, Madame Babobedah le Sophie Dahl maisithe ag Lauren O’Hara, The Deepest Breath le Meg Grehan, The Hug le Eoin McLoughlin maisithe ag Polly Dunbar, The Tide le Clare Helen Welsh maisithe ag Ashling Lindsay, The Star-Spun Web le Sinéad O’Hart agus Toffee le Sarah Crossan.

Déanann Futa Fata comhghairdeas agus guíonn muid gach rath ar cruthaitheoirí na leabhar ar fad.  Seacht ngradam in iomlán atá le baint agus fógrófar na buaiteoirí ag ocáid speisialta in Amharclann Smock Alley, BÁC ar an 19ú Bealtaine.