AN FÉILEACÁN AGUS AN RÍ – An Leabhar agus an Seó Damhsa


Bhí lá iontach againn i mBaile Áth Cliath nuair a sheol muid trí leabhar nua ar Lá ‘le Bríde; AN FEILEACÁN AGUS AN RÍ, SCÚNC AGUS SMÚIRÍN agus AR STRAE.  Tá sé go hálainn leabhair nua a cheiliúradh agus iad a chuir os comhair an pobail.  Go hiondúil is é an seoladh an phríomhocáid a bhaineann le leabhar nua.  Ach ní hin mar atá i gcás AN FÉILEACÁN AGUS AN RÍ le Máire Zepf agus Shona Shirley Macdonald. Tá Seó Damhsa coimisiúnaithe do Young at Art – féile ealaíne na n-óg a bhíonn ar siúl i mBéal Feirste gach uile bhliain.  Is í Clara Kerr cóiréagrafaí an seó.  Beidh scoth na damhsóirí páirteach, le scéal grá Éadaoin agus Mhír a chur i láthair.  Tá muid fhéin ag súil go mór leis an seó agus leis an ócáid sheolta a bheidh againn sa Chultúrlann, i mBéal Feirste, Dé Sathairn, 7 Márta ag 2pm leis an leabhar álainn seo a chur i láthair go hoifigiúil dár gcairde ar fad i mBéal Feirste.  Beidh an seó damhsa á léiriú i ndiaidh na hócáide sin ar an 7ú agus beidh sé ar siúl arís ar an 8ú Márta, sa Chultúrlann. Is féidir ticéid a cheannach don seó damhsa anseo.   


Ródseó Futa Fata 2020


Tá na pacaistí réitigh seolta amach anois chuig na scoileanna a bheidh ag glacadh páirte i Ródseó Futa Fata 2020 an tseachtain seo chugainn, 2-6 Márta.  Tá muid féin agus na húdair ag fáil faoi réir do na hócáidí freisin; ag tabhairt scíth dár nglórtha! Beidh muid ag freastal ar bhreis agus 1200 páiste thar thréimhse seachtaine, i ngaelscoileanna i mórcheantar Bhaile Átha Cliath.  An rud is deise faoi Ródseó Futa Fata ná go mbeidh muid ag cur leabhair isteach i lámh gach uile dhuine de na páistí sin le tabhairt abhaile leo!  Is mór againn tacaíocht na Comhairle Ealaíon don Ródseó, a bhronn maoiniú orainn le tabhairt faoina Scéim Camchuairte is Scaipthe Saothair.  Tá muid ag súil go mór leis na gigeanna!  Ar aghaidh linn le Seachtain na Gaeilge 2020!


PÚCAÍ SCHMÚCAÍ!


Bíonn tionscadail nua idir lámha againn an t-am ar fad anseo ag ceanncheathrú Futa Fata! Faoi láthair tá na maisitheoirí, Tarsila Krüse agus Úna Woods ag obair leo ar leabhar nua dar teideal PÚCAÍ SCHMÚCAÍ. Seo an chéad uair dúinn bheith ag obair le hÚna Woods – fáilte ‘s fiche isteach ‘tí Futa Fata, a Úna!  Bailiúchán bríomhar véarsaíochta do pháistí le Gabriel Rosenstock atá sa leabhar seo.Tá idir seanchlasaicí dá chuid san áireamh ann chomh maith le dánta nua nár foilsíodh cheana.  Beidh taifeadadh á dhéanamh ar na dánta, agus ceol á gcur leo ag ár seanchara John Ryan don dlúthdhiosca, a fhoilseofar leis an leabhar.  Beidh muid ag dul níos faide ó bhaile ná Cois Fharraige an géabh seo agus muid ag lorg glórtha óga.  Mar sin, a mhuintir Corcha Dhuibhne, bígí ag faire amach dúinn níos deireanaí san Earrach.  Foilseofar PÚCAÍ SCHMÚCAÍ! an leabhar agus an dlúthdhiosca, san Fhómhar. 


Na Meáin Shóisialta


Le coicís anuas anois bhí cúpla comórtas á reáchtáil againn ar na meán sosialta. Bronnadh leabhair a bhí sínithe ag údair agus maisitheoirí ar an bpobal chomh maith le píosaí áille ealaíne a rinne ár gcuid ealaíontóirí ag an mórócaid a bhí againn Lá ‘le Bríde sa DLR Lexicon i nDún Laoghaire. Bíonn a leithéid seo de chomórtas agus bronnadh duaiseanna go rialta againn, mar sin leanaigí muid ar na meáin, ar Facebook, ar Twitter agus ar Instagram.  Nochtaigh muid clúdach leabhair nua le gairid chomh maith ar na meáin shóisialta. Sin MÍP, scéal álainn le Máire Zepf atá maisithe go fíorchumasach ag Paddy Donnelly. Seo an chéad eachtra spáis atá foilsithe againn agus an chéad phictiúrleavbhar do pháistí óga atá bunaithe ar scéal fíor (bhuel, cineál!) Ní seoladh a theastóidh ón leabhar sin ach láinseáil, agus tá súil againn é sin a dhéanamh i mí Bhealtaine.