ÉIRE AG LÉAMH

Tá lá nua naisiúnta bunaithe ag Leabharlanna Éireann leis an léamh a cheiliúradh ar an 25ú Feabhra.  Tá Leabharlanna Éireann, i gcomhar le foilsitheoirí, díoltóirí leabhar, údair agus grúpaí eile atá páirteach i bhfeachtas an Rialtais “Go dTé Tú Slán” ag iarraidh an léamh a chur chun cinn ar an lá seo.  An aidhm atá leis ná a mheabhrú do dhaoine am a thógáil dóibh féin agus aire a thabhairt dá meabhairshláinte. Rud atá fíorthabhachach agus muid ag iarraidh maireachtáil agus ár slí a dhéanamh tríd an bpaindéim. Tá gach eolas faoin bhfeachas le fáil anseo.  Má tá suim agat níos mó léamh Ghaeilge a chothú le do chlann, bí cinnte súil a chaitheamh ar an ocáid le Laureate na nÓg, Áine Ní Ghlinn, a bheas ar siúl ar an 23ú Feabhra! Bí leo!  

BAIN TRIAIL AS LEABHAR GAEILGE A LÉAMH

Le cúpla seachtainí anuas tá muid ag feiceáil agus ag cloisteáil go leor caint dhearfach faoin nGaeilge ar na meáin ó dhaoine nach mbíonn ag trácht uirthi de ghnáth. Dúirt Ryan Tubridy go raibh spéis aige filleadh ar theanga na nGael agus in alt a scríobh Colm O’Regan san Irish Examiner, dúirt sé go raibh sé ag titim i ngrá leis an teanga arís, a bhuíochas don scolaíocht bhaile atá ar siúl aige lena iníon.  Bhí Imelda May í féin ag trácht go moltach ar amhránaithe ar an sean-nós roimh Nollaig.  Ardaíonn an dearcadh dearfach seo ár gcróithe.  Tá a fhios againne go bhfuil níos mó Gaeilge ag pobal na hÉireann ná mar a cheapann siad!   An fhadhb a bhíonn acu go minic ná easpa féinmhuiníne!  I mbliana, agus muid ag tarraingt ar Sheachtain na Gaeilge, tá muid ag spreagadh daoine nach léann Gaeilge de ghnáth lena bpáistí, triail a bhaint as leabhar Gaeilge.  Le tacú le duine ar bith ar mhaith leo leabhar nua a thriail, (tusa san áireamh, atá á léamh seo gan stró i nGaeilge!) tá muid chun lascaine speisialta a chur ar fáil ón 15ú go dtí an 26ú Feabhra, ionas go mbeidh sibh réidh do SnaG21!  Le 40% a shábháil, sea, a chairde, táimid lán dáiríre faoin dúshlán seo – le 40% a shabháil ar bhur rogha leabhar ar an suíomh, níl uaibh ach cód SNAG21 a usáid.  Bí cinnte a rá linn cén chaoi ar thaitin an leabhar nua libh.  #BainTriailAs #LéighLeabharGaeilge

AM FOLCTHA, A CHOINÍN BEAG!

Tá an-tóir go deo ar Choinín Beag, an carachtar beag a chuir muid i láthair léitheoirí na hÉireann den chéad uair in 2019. Tá an triú leabhar sa tsraith álainn seo, Am Folctha, a Choinín Beag! ar an suíomh le réamhordú anois.  Tá muid ag súil go mbeidh an leabhar ag leaindeáil ag na dáileoirí go luath i mí Márta  - a luaithe ‘s a bheidh siad againne ar an Spidéal, seolfar amach na horduithe poist. Tá an dá leabhar eile sa tsraith ar fáil i gcónaí, sin iad: Codladh Sámh, a Choinín Beag! agus Coinín Beag Bocht!