BUÍOCHAS AGUS NOLLAIG SHONA

Seo muid, a chairde, mí na Nollag bainte amach againn agus bliain ar leith curtha isteach againn ar fad! In ainneoin na ndeacrachtaí agus na srianta a bhain le Covid 19 – ag breathnú siar dúinn, ba bhliain speisiúil, shásúil a bhí inti, ar bhealaí go leor. Bhí sí dúshlánach, cinnte, ach bliain í a spreag muid le bealaí nua a aimsiú agus rudaí nua a thriail chun ár scéalta a chuir os comhair an phobal ag tráth a raibh scéalta ag teastáil go géar.  Tá muid chomh sásta sin gur bhaint sibhse taithneamh agus tairbhe as na físeáin a chraol muid.  Tá muid chomh sásta sin freisin gur éirigh linn coinneáil orainn leis an gclár foilseacháin. Ní hamháin sin, ach bhí muid ag obair linn ar thograí nua, leabhair a bheidh ar fáil uainn in Earrach 2021.

AG TEACHT IN EARRACH 2021

Beidh leabhair nua againn do réimse leathan aoisghrúpaí, go luath san athbhliain, ina measc, scéilín álainn úrnua ón gcoinín beag a raibh sibh uilig craiceáilte faoi i mbliana. Sin Am Folctha, a Choinín Beag! Tá an ceathrú eagrán de Bí Ag Spraoi Liom! ag teacht san Earrach freisin.  Tá ruainne beag gealáin (sparkle) curtha againn le clúdach an leabhair agus tá leathnaigh nua curtha leis a chuireann an t-údar Sadhbh Devlin agus an maisitheoir Tarsila Krüse i láthair. Ag díriú ar léitheoirí beagainín níos sine, tá eacthra nua againn ón gcat dána, Mise Máire Treasa Mí Ábha. Ná Bain le Mo Chúisín! is teideal dó agus beidh sé ar fáil i mí Feabhra.  Agus do léitheoirí san aoisghrúpa 9-12 bhliain, tá úrscéal gairid againn ó scríbhneoir aitheanta teilifíse agus leabhar, Ailbhe Nic Ghiolla Bhrighde. Go Ceann Scríbe atá air is í Lauren O’Neill a mhaisigh an clúdach.  Tuilleadh fúthu sin ar fad san athbhliain.

Dúnfar oifig Futa Fata Dé hAoine beag seo 18ú Nollaig go dtí an 4ú Eanáir. Beidh muid sách ciúin ar na meáin shóisialta agus muid ag tógáil scíthe lenár muintir uilig.

Idir seo agus mí Eanáir, tá súil againn go mbeidh Nollaig shíochánta, shuaimhneach, shábháilte agaibh ar fad. Ár mbuíochas ó chroí libh faoin tacaíocht ar fad i gcaitheamh 2020.

Agus focal speisialta buíochas dár maoinitheoirí, Clár na Leabhar, Foras na Gaeilge; An Chomhairle Ealaíon agus COGG, An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta, a thacaigh linn ar feadh na bliana aistí seo.