GEARRLIOSTA LEABHAR NA BLIANA LEABHAR PHÁISTÍ ÉIREANN & KPMG

Tá ríméad an domhain orainn a fhógairt go bhfuil an róbat beag, Míp, ag baint rudaí iontacha amach di féin, ní amháin ar Mars ach anseo ar an Domhan freisin! Tá MÍP ainmnithe ar ghearrliosta Ghradaim Leabhar na Bliana 2021 ag Leabhar Pháistí Éireann agus KPMG.  Is í Máire Zepf a scríobh agus Paddy Donnelly a mhaisigh an leabhar álainn seo atá lán d’eachtraíocht.  Is í Máire a thug léi an gradam mór anuraidh dá húrscéal Nóinín – an chéad uair riamh gur bhain leabhar Gaeilge an phríomhdhuais.  Tá cleachtadh maith ag Paddy freisin ar na gradaim seo agus gearrliosta na bliana seo caite bainte aige siúd freisin dá phictiúrleabhar Scúnc agus Smúirín, a scríobh Muireann Ní Chíobháin.  Gabhann muid buíochas ó chroí le Leabhair Pháistí Éireann agus guíonn muid chuile rath ar Mháire, ar Paddy, ar Mhíp agus ar na hiomaitheoirí eile go léir.  Fógrófar na buaiteoirí ar an 25 Bealtaine.

GO CEANN SCRÍBE   

Tá meadú á chur le roinnt blianta anuas againn le líon na n-úrscéalta gearra atá muid a fhoilsiú do léitheoirí san aoisghrúpa 8-12 bhliain.  Níl ár gceann scríbe féin bainte amach againn fós san obair seo ach tá muid ag baint an-taitneamh as bheith ag obair go seasta ina threo.  Bean a bhain a sprioc amach ná Ailbhe Nic Giolla Bhrighde, údar an úrscéil nua uainn, sea, tá sé agaibh…. Go Ceann Scríbe. Scéal é faoi bhuachaill óg, Maidhchí, agus a thuismitheoirí atá ar tí scartha agus cairdeas Mhaidhci le Joe, caidreamh atá faoi bhrú faoi láthair chomh maith.  An éireoidh le Maidhchí a chuid difríochtaí le Joe a chur go leataobh le go ndíreoidh siad ar an mbabhta ceannais den chomórtas tógáil róbat?  Agus, níos tabhachtaí ná sin, an mbeidh a thuismitheoirí in ann tacú leis, gan a bheith ag easaontú lena chéile go seasta síoraí? Is í Lauren O’Neill a mhaisigh an clúdach agus tá Go Ceann Scríbe, scéal láidir, comhaimseartha atá lán de chroí, ar fáil anois fud fad na tíre.  Clúdach bog atá air, é maisithe ag Lauren O’Neill. RRP €7.95

AN RÁS CHUIG AN MOL THUAIDH – SCÉAL MATTHEW HENSON

Anuas ar na bunscéalta atá á bhfoilsiú againn tá aistriúcháin nua againn daoibh an tEarrach seo.  Tá scéal an eachtránaí, Matthew Henson, faoi chaibidil sa leabhar An Rás Chuig an Mol Thuaidh le Catherine Johnson.  Caitheann an t-údar spotsholas ar shaol an bhuachalla óig a theith ón mbaile agus ón leasmháthair a chaith go dona leis. Ach níor chuimhnigh sé riamh go mbeadh sé ar dhuine de na chéad daoine riamh a sheas ag an Mol Thuaidh. Ach, nuair a d’fhill sé ar Mheiriceá, rinneadh neamhaird ar a chuid gaiscí mar gheall ar dhath a chraicinn.  Cuireann Johnson, a bhfuil go leor gradam bainte aici, fíorscéal Henson i láthair go hálainn.  Is é Fearghas Ó Lochlainn a chur Gaeilge ar an leabhar seo.  Tá muid chomh sásta fáilte ‘tí Futa Fata a chur roimh Fhearghas, fear a bhfuil riar maith taithí scríbhneoireachta aife, é ag cumadh luibíní agus amhrán, é ag maisiú leabhar agus anois á n-aistriú chomh maith! Beidh Rás chuig an Mol Thuaidh ar fáil ag deireadh na míosa seo.  Clúdach bog RRP €7.95. 

BEANNACHTAÍ

Bhain na céadta duine agaibh leas as an lascaine a bhí againn i mí Feabhra.  Tá súil againn go bhfuil sibh ag léamh libh agus tá súil againn go bhfuil an léamh Gaeilge níos éasca ná mar a cheap sibh! Insigí dúinn conas ar éirigh libh! #BainTriailAs Bainigí taitneamh as an a bhfuil fágtha de Sheachtain na Gaeilge agus do gach Mamaí amuigh ansin – Lá na Máithreacha Sona Daoibh go léir.